Cairell mac Muiredaig Muinderg
Rí na nUladh ba ea Caireall mac Muireadaigh Mhuindeirg (Sean-Ghaeilge Cairell mac Muiredaig Muinderg) den Dál Fiatach, aitheanta chomh maith mar Caireall Coscrach. Iar-ríthe ab ea a athair Muireadach Muindearg (bás 489) agus a dheartháir Eochaidh (bás 509).[1][2][3]
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 532 |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Teaghlach | |
Teaghlach | Dál Fiatach |
Páiste | Báetán mac Cairill, Demmán mac Cairill |
Athair | Muiredach Muinderg |
Siblín | Eochaid mac Muiredaig Muinderg |
I ndiaidh léirscrios Eamhain Mhacha, tar éis na bliana 450, tháinig an Dál Fiatach i gceannas ar athbheochan na nUlad, agus a athair Muireadach ar an chéad rí stairiúil.[4] Sa bhliain 496/498, faightear sna hannála an ruathair déanta ar Dhún Leathglaise (Dún Pádraig, Contae an Dúin), arbh fhéidir bheith ina fhianaise ar theacht i gceannas an Dáil Fhiataigh.[5]
De réir Annála Tiarnaigh, tháinig Caireall i gcoróin sa bhliain 509, agus a chomharba sa bhliain 532[6] — réimse 24 bliain. De réir an Leabhair Laighnigh, bhí réimse 25 bliain aige, agus 23 bhliain de réir na Sioncronachtaí Laud.
Tá scéal ann sa Bheatha Trípháirteach Naoimh Phádraig gur chuir Naomh Pádraig mallacht ar mhuintir a dhearthár, Eochaidh, agus gur thug sé a bheannacht ar mhuintir Chairill.[7] Is fíor gur ghlac muintir Chairill an ríogacht chucu féin. Mic aitheanta aige ab ea Deamán (bás 572) agus Baotán (bás 581), ríthe na nUladh araon.
Foinsí
cuir in eagar- CELT
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
- Dáibhí Ó Cróinín (2005), A New History of Ireland, Imleabhar a hAon, Oxford: Oxford University Press
- Gearoid Mac Niocaill (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Byrne, Tábla 6
- ↑ Charles-Edwards, Aguisín XXI
- ↑ Mac Niocaill, lch. 74
- ↑ Mac Niocaill, lch. 73
- ↑ Ó Cróinín, lch. 214
- ↑ Annals Tigernaigh, AT 509.3, 532.3
- ↑ The Most Ancient Lives of Saint Patrick, eagraithe ag James O'Leary