Muiredach Muinderg
Rí na nUladh de Dhál Fhiatach ba ea Muireadhach Muindearg (Sean-Ghaeilge Muiredach Muinderg) mac Forgga mhic Dhalláin.[1][2][3]
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 489 |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Teaghlach | |
Teaghlach | Dál Fiatach |
Páiste | Cairell mac Muiredaig Muinderg, Eochaid mac Muiredaig Muinderg |
De réir na nAnnál Tiarnaigh, fuair sé bás sa bhliain 489.[4] Sa Leabhar Laighneach, deirtear go raibh réimeas 24 bliain aige. Ní deirtear aon rud eile faoi sna hannála.
I ndiaidh léirscrios Eamhain Mhacha, tar éis na bliana 450, tháinig Dál Fhiatach i gceannas ar athbheochan na nUlad agus Muireadhach ar an gcéad rí stairiúil.[5]
De réir ghinealach Dhál Fhiatach, bheannaigh Naomh Pádraig é.[6]
Is amhlaidh go raibh ríchathaoir ag a theaghlach i nÓchtar Cuillche, taobh ó dheas de Bhaile Átha Fhirdhia, Contae Lú. Deirtear gur roinn a shleachta a n-oidhreacht anseo sa luath-6ú haois.[6]
Luaitear sna hannála cúigear mac Mhuireadhaigh, san áireamh Eochaidh agus Caireall, ríthe na nUladh araon.
Foinsí
cuir in eagar- CELT
- Annála Tiarnaigh, G100002
- Leabhar Laighneach, Rig Ulad, G800011A
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Dublin: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
- Dáibhí Ó Cróinín (2005), A New History of Ireland, Imleabhar 1, Oxford: Oxford University Press
- Gearoid Mac Niocaill (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan