Túrtheach agus Séadchomhartha Náisiúnta i gContae na Mí, Éire is ea Caisleán Dhún Uabhair.[1]

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Caisleán Dhún Uabhair
Íomhá
Sonraí
CineálTúrtheach agus séadchomhartha náisiúnta na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae na Mí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 29′ N, 6° 56′ O / 53.49°N,6.94°W / 53.49; -6.94

Tá Caisleán Dhún Uabhair suite ar bhruach thuaidh na Bóinne, ó dheas den R161, díreach thuas an abhainn mar a mbuaileann sé leis an Abhainn Dubh.[2]

 
Anraí VI, a mhaoinigh tógáil na "gcaisleáin deich bpunt".

I 1429 bhronn Anraí VI, Rí Shasana agus Tiarna na hÉireann, in iarracht an Pháil a chosaint, deich bpunt ar aon duine dá chuid géillsineach a thóg túr beag cosanta (20 × 16 × 40 troigh) ar imeall na Páile roimh 1439. Glactar leis go bhfuil an túrtheach ag Dún Uabhair ar cheann de na caisleáin seo, a thóg an dream áitiúil cumhachtach, Clann Mhic Eochagáin. Sa bhliain 1650, le linn choncas Chromail ar Éirinn, ghabh fórsaí faoi Sir John Reynolds an caisleán agus maraíodh breis is 40 ball de theaghlach Mhic Eochagáin. [3]

De réir na Suirbhéireachta Sibhialta (1654–56) bhí 220 acra (89 heicteár) ag Garrat Lench de “Donowre” i 1640, agus ar an maoin bhí “a Castle and Orchard, a weare and some cottages.”

Foirgneamh

cuir in eagar
Íomhá:Donore Castle 1785.png
Léaráid den caisleáin i 1785 le díon tuí.

Tá trí stór ag an gcaisleán, agus tá sé 7.3 × 6.3 m ag an mbonn, agus tá sé 12 m (39 tr) ar airde, le túr cruinn starrach ag an gcúinne ina bhfuil staighre bíseach.[4] Tá díon boghtach ar an urlár íochtarach agus losáin agus teallach ar na hurláir uachtaracha. Tacaíodh leis na síleálacha ar choirbéil. Ar cheann de chosaintí an Chaisleáin tá poll an uafáis suite ag leibhéal an dín os cionn an dorais isteach. Tá cinn snoite rí agus easpaig os cionn an dorais freisin.[5][6][7]