Caisleán na Croma[1] suite ar chladach Loch Éirne Uachtair, i gContae Fhear Manach, in Ultaibh, agus é suite laistigh d'eastát 1,900 acra (7.7 km2 Tá an caisleán tógtha de chlocha liath agus tá príomhchuid an fhoirgnimh agus na sciatháin os thar dhá urlár. Ag an mbealach isteach, tá túr a bhfuil forbhallaí air, le túir níos lú ar thaobh amháin. Tá gairdíní foirmiúla ag an gcaisleán a shíneann amach go dtí an eastát agus níos faide i gcéin. Tá fothracha Sheanchaisleáin Chrom le fáil laistigh den eastát cé nach bhfuil fágtha anois ach cuid de na ballaí bunaidh, dhá thúr agus saut de loup. Tá dhá cheann de na crainn iúir is sine in Éirinn taobh istigh de thailte an tSeanchaisleáin, a chreidtear a bheith os cionn 800 bliain d’aois.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Caisleán na Croma
Íomhá
Sonraí
CineálCaisleán Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 54° 09′ 44″ N, 7° 26′ 39″ O / 54.1623°N,7.4443°W / 54.1623; -7.4443
ID GeoNames2651933
ID logainm121009

Cosúil le go leor eastát tuaithe i gCúige Uladh, thóg Plandálaí Albanacha an chéad teach ag Crom ag tús an 17ú haois. Sa bhliain 1611, mar chuid de Phlandáil Uladh, thóg Michael Balfour, tiarna na dúiche mar Laird of Mountwhinney, teach ar an mórthír os cionn an oileáin Inishfendra. Ag teacht leis an ghnáthphatrún do chaisleán an Phlandála, tógadh an Seanchaisleán ag Crom de aol agus de chloch agus bhí sé bhí sé timpeallaithe le bhábhún. Sa bhliain 1689, tháinigh Seanchaisleán Crom slán tar éis dhá léig Seacaibíteach le linn Chogadh an Dá Rí in Éirinn. D'éirigh le muintir Crichton, faoin gCoirnéal Abraham Crichton, teacht slán, i gcoinne na Seacaibítigh go dtí gur tháinig trúpaí athneartaithe ó Inis Ceithleann. Chríochnaigh na himeachtaí áitiúla ag Cath Bhaile Nua an Bhuitléara nuair a ghabh agus mharaigh fórsa Rí Liam le lú ná 1500 trúpaí as Inis Ceithleann oiread agus 3000 de thrúpaí Shéamais II. Tharla an cath ag baile fearainn Kilgarrett 1 mhíle ó dheas ón Bhaile Nua.