Caitheamh tobac in Éirinn

Fuair thart ar 4,500 duine bás sa Stát gach bliain, sna 2020idí luath, mar gheall ar thobac a chaitheamh. Galar croí, galar scamhóg agus ailse is mó a bhaineann dóibh.[1]

Major, an-coitianta in Éirinn sa 20ú haois: "Toradh caithimh tobac - BÁS"
"Is fearr liom Afton"... bhí fógraíocht Afton mar seo sách coitianta go dtí na 1960idí
 
bun toitín / bruscar san Ómaigh

Dúradh i dtuarascáil ó Choláiste Ríoga na Máinliá in Éirinn in 2024 gur idir chúig bliana déag agus seacht mbliana déag thar aon am eile is mó a bhaineann daoine an chéad gal tástála as tobac.[1] Bíonn leanbh amháin as gach beirt a bhaineann triail as caitheamh tobac ina gcaiteoir tobac agus faigheann duine as gach beirt chaiteoirí tobac bás ó ghalar a bhaineann le tobac.[2]

Tá cosc ar chaitheamh tobac in áiteanna oibre in Éirinn faoi na hAchtanna um Shláinte Phoiblí (Tobac) 2002-2015. Is é cuspóir an choisc ná le fostaithe agus an pobal a chosaint ó nochtadh d'éifeachtaí dochracha agus tocsaineacha deataigh tobac san ionad oibre.[3]

Éilíonn na leibhéil arda caitheamh tobac in Éirinn iarracht níos comhbheartaithe chun tacú le forbairt leanúnach sochaí saor ó thobac inar féidir le daoine maireachtáil níos faide agus saol níos sláintiúla saor ó éifeachtaí díobhálacha tobac.[4]

Is cosúil go bhfuil nicitín sna galtoitíní céanna agus go bhfuil siad chomh dona leis na toitíní lá ar bith.[5] De réir an Bhoird Taighde Sláinte, is dóichí faoi chúig go dtosóidh daoine a chaitheann galtoitíní, go dtosóidh siadsan thar dhaoine eile ag caitheamh tobac. Sa bhliain 2022, bhí sé molta ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly cosc a chur ar ghaltoitíní a dhíol le daoine faoi ocht mbliana déag agus srianta a chur ar fhógraíocht galtoitíní.

Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh Not Around Us spreagadh a thabhairt do dhaoine a bhíonn ag vápáil gan a bheith ag caitheamh nó ag vápáil timpeall ar dhaoine eile.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2024-05-13). "Cead tobac a cheannach le hardú ó 18 go 21 bliain" (as ga). 
  2. "Tugann an tAire Sláinte foláireamh faoi chaitheamh tobac agus COVID-19 ar Lá Domhanda Gan Tobac" (ga). www.gov.ie (2020-05-31). Dáta rochtana: 2024-05-26.
  3. Citizensinformation.ie. "Cosc ar chaitheamh tobac sa láthair oibre" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2024-04-01.
  4. "Éire Saor ó Thobac" (ga). www.gov.ie (2013-06-07). Dáta rochtana: 2024-05-13.
  5. Aifric Ní Scolaí (2023-02-22). "Véipeáil...brocailí...an Piollaire...céard a chaithfidh tusa in aer don Charghas?" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-05-26.