Galar scamhóige toirmeascach ainsealach
Neamhord sna scamhóga is ea Galar scamhóige toirmeascach ainsealach nó eimfiséime (emphysema) ina milltear na snáithíní leaisteacha is cúis le haisléim fhíochán na scamhóige san easanálú. Mar thoradh air seo, éiríonn na scamhóga níos séidte de réir a chéile, agus forlíonta le haer.
Éiríonn na haerfheadáin bheaga (na broincíní) séidte, milltear na haershaic (an hailbheolais) mar a dtarlaíonn malartú na ngás, agus cuirtear cuasa aeir ina n-ionad.
Éiríonn an cliabhrach bairillechruthach de réir a chéile, agus éiríonn an giorra anála an-ghéar.
Is coitianta an riocht é i measc caiteoirí troma toitíní, mar go ngníomhachtaíonn ceimiceáin i ndeatach toitíní einsímí a dhíleánn na fíocháin leaisteacha sna scamhóga.
Go minic cuireann milleadh na bhfíochán seo tús le hionfhabhtuithe tánaisteacha.[1]
Daoine le eimfiséime
cuir in eagar- Dave Allen, fuirseoir
- Joe Heaney, amhránaí
- David Soul, amhránaí agus aisteoir
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Eimfiséime". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 242.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |