Campa imtheorannachta Frongoch

Áit phríosúnachta sealadach le linn an Chéad Chogadh Domhanda ab ea Campa imtheorannachta Frongoch agus é suite in Frongoch, Meirionnydd, sa Bhreatain Bheag. Go dtí 1916, coimeádadh príosúnaigh cogaidh Ghearmánacha ann i drioglann thréigthe agus botháin gharbha. I ndiaidh Éirí Amach na Cásca 1916 i mBaile Átha Cliath, Éire, bogadh amach na príosúnaigh Ghearmánacha. Bhí sé in úsáid ansin mar áit imtheorannaithe do thart ar 1,800 príosúnach Éireannacha, ina measc daoine suntasacha ar nós Mícheál Uí Choileáin. Tugadh dóibh stádas príosúnach cogaidh. Bhí Arthur Shields, duine de na príosúnaigh, ina aisteoir ina dhiaidh sin in Hollywood, Stáit Aontaithe Mhéiriceá.[1] Is é míthuiscint choitianta go raibh Éamon de Valera i bpríosún chomh maith ag Frongoch.[2] Le linn an ama sin bhí de Valera i ngéibheann i bpríosúin Dartmoor, Maidstone agus Lewes.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Campa imtheorannachta Frongoch
Sonraí
CineálCampa géibhinn
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinGwynedd, Wales
Map
 52°56′20″N 3°37′55″W / 52.939°N 3.632°W / 52.939; -3.632

D’éirigh an campa ina talamh síolú thorthúil maidir le leathadh an soiscéal réabhlóideach, le lucht eagraithe ar nós Michael Collins a thabhairt ceachtanna gan ullmhú i mbeartaíocht eadarnaíoch. Níos déanaí tugadh an t-ainm Ollscoil na Réabhlóide ar an campa.[3]

Tar éis an Éirí Amach sa bhliain 1916, ceapadh Lord Decies mar Príomh Scrúdóir de Nuacht d'Éirinn. Rabhadh Decies an preas a bheith cúramach faoin méid a d'fhoilsigh siad. Ba é Preas Saor an Chorcaigh de Liam Ó Briain ceann den chéad pháipéirí a bhí curtha faoi chois. faoin acht Cosaint an Ríochta 1914. Cúisigh Frank Gallagher, gurb é bréag a bhí ann ag údarás na Breataine maidir leis na coinníollacha agus staid na bpríosúnach poblachtánach sa champa imtheorannachta.[4]

Dúnadh an campa i mí na Nollag 1916, nuair a bhí David Lloyd George curtha in ionad de H. H. Asquith mar Phríomh-Aire.

Cloch cuimhneacháin agus plaic ag Frongoch ar thaobh an bhóthair A4212

Is é an scoil áitiúil, Ysgol Bro Tryweryn, a sheasann anois ar shuíomh an champa Frongoch. Seasann plaic cuimhneacháin in aice láimhe, ina bhfuil inscríbhinní i nGaeilge, Breatnais agus Béarla.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Boylan, Henry (1999). "A Dictionary of Irish Biography". Dublin: Gill and Macmillan. 
  2. The Green Dragon No 4, Autumn 1997
  3. Irish Democrat, 4 October 2002
  4. Peter Martin Censorship in the two Irelands 1922-39, Introduction p.9, Irish Academic Press (2008) ISBN 0-7165-2829-0

Leabharliosta cuir in eagar

  • Brennan-Whitmore, W, With the Irish in Frongoch (Dublin 1918)
  • Ebenezer, Lyn, Fron-Goch and the birth of the IRA (London 2006)
  • O'Mahony, Sean, Frongoch University of Revolution (Dublin 1987)

Naisc sheachtracha cuir in eagar