Canáil a cheanglaíonn abhainn an Hudson is ea Canáil Erie, gar do Albany, agus a thrasnaíonn Stát Nua Eabhrac go Loch Erie, ceann des na Locha Móra ar theorann Cheanada agus Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhí an-tábhacht ag an chanáil le forbairt Chathair Nua-Eabhrac, mar gur féidir loingeas a sheoladh ón gcathair sin an bealach ar fad go Chicago agus ar fud na Locha Móra ina dhiaidh a thógáil.

sa bhliain 1840
1826
Lockport, 1855

StairCuir in Eagar

 
Lockport, 1855

TógáilCuir in Eagar

Bhí innealtóir Éireannach darbh ainm Christopher Colles ar na daoine is túisce (1786) a mhol an chanáil a thógáil. Agus an fear is mó a bhí taobh thiar den tionscnadal, De Witt Clinton, Gobharnóir N.Y., Éireannach ab ea a shean athair.[1]

Thosaigh an obair ar an gcanáil in 1817 agus de réir Carl Wittke "We Who built America." bhí breis agus 3000 Éireanach ag obair uirthi in 1818. Mhéadaigh faoi dhó ar an uimhir sin gach bliain ina dhiaidh sin..

Sul ar tosaíodh ar an gcanáil, chaith suirbhéir darbh ainm Canvass White tamall i Sasana ag féachaint ar na canálacha a togadh ansan. Casadh innealtóir tógála darbh ainm J.J. McShane air agus d’éirigh cairdeas eatarthu. Dob as Tiobrad Arann dó agus bhí slua Éireannach ag obair faoi. D’éirigh le White, McShane agus a fhoireann a mhealladh anall go Nua Eabhrac. Ansan thosaigh sé ag earcú in Éirinn. Tháinig na mílte agus d’fhágadar a rian ar an dtír. D’fhan cuid acu sna bailte beaga agus móra a d’fhás suas ann. Mhéadaíodar ar dhaonra Albany, Troy, Utica, Syracuse, Rome, Auburn, Rochester, Lockport, agus Buffalo.[1]

Lean sagairt mhiseanacha na hoibrithe ag léamh aifrinn agus ag éisteach faoistine. Pinginí na n-oibrithe a thóg na céad teampaill Chaitliceacha i dtuaisceart Nua Eabhrac. As an obair san d’fhás deoisí Albany, Buffalo agus Rochester.

 
Brighton, Monroe County, New York

Lá oscailteCuir in Eagar

Ar 26 Deireadh Fomhair 1825, osclaíodh an chanáil go hoifigiúil. Bhí an Gobharnóir DeWitt Clinton i mBuffalo don ocáid. Bhí paráid mhór acu go ceann na canála agus chuaigh De Witt Clinton ar bord báirse agus thosaigh ceithre chapall ghlasa á tharraingt síos an chanáil. Ar bord an bháirse bhí dhá shoitheach lán d’uisce ó Loch Erie agus bhíodar chun an t-uisce a thabhairt go Nua Eabhrac ar an mbád agus é a chaitheamh sa bhfarraige. Nuair a d’fhágadar Buffalo scaoileadar gunna mór. Leath mhíle síos an chanáil bhí gunna eile agus nuair a chuala an gunnadóir an chéad cheann scaoil sé an tarna ceann agus mar sin de síos go dtí Nua Eabhrac. Bhí 1812 gunna ar fad réitithe acu. Thóg sé 81 nóiméad chun an dea-scéala a chur go Nua Eabhrac.

TaistealCuir in Eagar

Nuair a oscalaíodh an chanáil idir Albany agus Loch Erie i 1825, ba cheann de iontaisí móra an domhain í. D’fhéadfadh bád, anois, dul ó Nua Eabhrach go dtí na Locha Móra. Ní raibh an bothar iarainn fós ann agus mar sin bhí ana éileamh ar na báid chun daoine agus earraí a iompar.

Chosain ticéad den chéad ghrád $4 ó Nua Eabhrac go Albany agus ó Albany go Buffalo $14. Thóg an t-aistear sin tuairim is sé lá (thóg an cóiste coicís ar bhóithre garbha Nua Eabhrac).[1]

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Séamas de Bláca (16 Feabhra 2011). "Canáil Erie agus na hÉireannaig". Dáta rochtana: 2021.