Soitheach bheag éadaigh sho-ionramháilte is ea an carabhal, long a chum na Portaingéalaigh sa 15ú haois chun taiscéalaíocht a dhéanamh feadh chósta na hAfraice Thiar agus amuigh san Atlantach. Lig a chuid seolta laidineacha di imeacht faoi luas agus seoladh chun na gaoithe. Bhain na Portaingéalaigh agus na Caistíligh feidhm as an gcarabhal sa 15ú agus sa 16ú haois le linn Ré na Fionnachtana. Chuidigh sí, mar sin, leis an gcoilíniú agus le smachtú na bpobal dúchasach.

Bosca Sonraí SoitheachCarbhal
Saintréithe teicniúla
Cineálsailing ship (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Carbhal
Carbhal faoi choirneog (Livro das Armadas)

Brí an fhocail

cuir in eagar

Tagann an t-ainm ó caravela an Portaingéilise, agus d’fhéadfadh sin teacht ó qārib na hArabaise, ainm a bhaineann le seanchineál loinge a dtugtar carabus uirthi i Laidin nó κάραβος i nGréigis, agus tagairt ann b’fhéidir do long phlainc.[1]

 
Síltear gurb í seo an íomhá is cruinne de charbhall faoi sheolta laidineacha. Le fáil ar an Retábulo de Santa Auta, saothar de chuid an 16ú haois in Iarsmalann Náisiúnta na hEalaíne Ársa i Liospóin.
 
Macasamhail den charbhal Boa Esperança i gcathair Lagos sa Phortaingéil.

Anuas go dtí an 15ú haois bhain na Portaingéalaigh úsáid as an mbáirse agus as an baranal (barinel), soitheach beag a raibh crann amháin nó fiú trí chrann inti, rámha aici agus í gan chaiseal tosaigh. Baineadh feidhm aist i gcomhair trádála, cogaíochta agus taiscéalaíochta (mar shampla, i gcomhair lonnaíochta ar Mhaidéara agus na hAsóir). D’iompair sí coirneoga agus, níos déanaí, seol laidineach. D’fhág sí lorg ar an gcarbhal, soitheach a cumadh timpeall 1450 faoi choimirce Éinrí Loingseora na Portaingéile agus í déanta ar mhúnla na mbád iascaireachta. Bhí an carbhal níos inbheartaithe ná na longa a tháinig roimpi: gan de mheáchan inti ach ó chaoga go céad is seasca tonna, crann nó trí inti agus seolta laidineacha á n-iompar aici a chuir ar a cumas baint den ghaoth. Mar shoitheach gan toirt agus cíle éadomhain fúithi bhí sí in ann seoladh cois cósta agus suas abhainn, agus bhí sí an-luath ar an aigéan agus coirneoga á n-iompar aici. Bhí rath uirthi d’ainneoin nárbh fhéidir léi lasta mór ná foireann mhór a iompar.

I gcúrsaí trádála tháinig an carrac (nau i bPortaingéilise) in áit an charbhail le himeacht aimsire.

Bhí dhá chrann nó trí chrann sna carbhail ba luaithe agus seolta laidineacha orthu, agus bhí ceithre chrann sna carbhail ba dhéanaí. Bhí na carbhail luatha, amhail an caravela tilhada sa 15ú haois, idir 12 agus 18 méadar ar fad agus idir 50 agus 60 tonna de thoilleadh iontu,[2] cóimheas ard d'fhad in aghaidh leithid acu timpeall 3.5 le 1, agus creat caol éileapsóideach acu (nár chosúil le creat cruinn an charraic).

Carbhal faoi choirneog

cuir in eagar

Sa chuid deiridh den 15ú haois rinne na Portaingéalaigh carbhal níos toirtiúla a raibh caiseal tosaigh agus caiseal deiridh aici, cé nach raibh siad chomh hard le caisil charraic. Ba chuid suntais í toisc go raibh coirneog á hiompar ar a crann tosaigh agus seolta laidineacha ar na trí chrann eile. Thugadh na Portaingéalaigh “carbhal cruinn” uirthi (caravela redonda): samhlaíodh coirneog agus bolg uirthi mar rud cruinn.

Baineadh feidhm aisti i gcabhlaigh gharda chósta i ngar do Chaolas Gibraltar, agus mar thionlacaí armtha ag longa trádála idir an Phortaingéil agus an Bhrasaíl agus ar Bhealach na Rinne. Deirtear uaireanta gur aisti a fáisceadh an gaileon, agus bhí sí á húsáid fós sa 17ú haois.

 
Liospóin agus Abhainn an Tagus (1572). Gaileon i lár an phictiúir, le carraic, rámhlong, carbhail chruinne, gnáthcharbhail, agus soithí eile.
  1. Sleeswyk, André W. (1998). "Carvel-planking and Carvel Ships in the North οf Europe". Archaeonautica 14: 223–228 (224f.). 
  2. Russell, Peter E. (2000). "Prince Henry 'the Navigator': A Life". Yale University Press. 

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. Hussey, Matt (2011). "Carbhal". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 117.