Cartúm
Cathair san Afraic is ea Cartúm (Araibis: الخرطوم al-Ḫarṭūm), an phríomhchathair agus an dara cathair is mó sa tSúdáin. Tá an chathair suite idir an dá Níl (An Níl Bhán agus an Níl Ghorm) i Stát Chartúm. Sa bhliain 2012, bhí 2,682,431 duine ina gcónaí inti. Is ceann de na trí chathair í Cartúm, in éineacht le Omdurman agus Cartúm Thuaidh, is í an chathair is sine díobh, cé go bhfuil baile Soba (baile beag atá suite deich míle ó lár na cathrach ar bhruach na Níle Goirme, ach atá anois ina pháirt den mhórbhaile) níos sine fós. Tá suas le cúig milliún duine ina gcónaí sna trí chathair le chéile, le hOmdurman suite san iarthar, ar bhruach na Níle Báine agus na Níle féin, agus Cartúm Thuaidh suite ar an taobh ó thuaidh den Níl Ghorm.
Cartúm | |||||
---|---|---|---|---|---|
الخرطوم (ar) | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stáit | an tSúdáin | ||||
State of Sudan (en) | Cartúm | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 5,345,000 (2018) | ||||
• Dlús | 178.17 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 30,000 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an Níl, An Níl Bhán agus An Níl Ghorm | ||||
Airde | 382 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama |
Sa teanga Araibise, úsáidtear an focal Cartúm mar ainm píobán (mar shampla, píobán gairdín) agus mar ainm ar shrón na heilifinte freisin. Deirtear go bhfuil cuma srón eilifinte ar cheantair na cathrach, maidir leis an tslí ina dtagann an dá Níl le chéile ann, agus an t-oileán beag (Oileán Tuti) suite i mbéal na Níle Goirme.
Stair
cuir in eagarBhunaigh An Chedíbh Mohammed Ali Cartúm sa bhliain 1821 mar phort don rialtas Turcach-Éigipteach i dtuaisceart na Súdáine. D'fhás an baile go tapaidh, mar shaghas entrepôt don cheantar sa deisceart, go háirithe ag dul ó dheas ar an Níl Bhán. Ionad sclábhaíochta a bhí ann freisin i rith an ama seo —tógadh na sclábhaithe ón deisceart. Faoi bhrú na "gcumhachtaí móra", rinne an Éigipt iarracht an sclábhaíocht seo a chosc sna 1840í. Ar an 13ú lá de Mhárta sa bhliain 1884, chuir arm an Mahdí Cartúm faoi léigear. Bhí an saighdiúir Sasanach, Charles George Gordon, i gceannas ar fhórsaí na cathrach. Faoi dheireadh, ar an 26ú lá d'Eanáir, 1885, d'éirigh le harm an Mahdí an lámh in uachtar a bhaint amach. Maraíodh Gordon i dteach an ghobharnóra, is baineadh a cheann dá chorp le taispeáint don Mahdí go raibh sé marbh. Cé go bhfuair an Mahdí bás tamall beag ina dhiaidh sin, lean a rialtas (ar a nglaoitear an Mahdía) ar aghaidh go dtí 1898–1899 leis an Chalífa Abdullahi i gceannas air. Bhunaigh rialtas an Mahdía cathair Omdurman agus úsáidtear í mar phríomhchathair an Mahdía. Ar an dara lá de Mheán Fómhair sa bhliain 1898, d'éirigh le harm Shasana faoi Sirdár Horatio Kitchener i gCath Omdurman i gcoinne arm an Mahdía, agus sna blianta ina dhiaidh sin, cuireadh an tír go léir faoi chois rialtais Bhriotanacha-Éigipteacha. Rinneadh príomhchathair de Chartúm ag an am seo, don chríoch Bhriotanach-Éigipteach agus tar éis neamhspleáchas na tíre sa bhliain 1956, don tír nua.