I Miotaseolaíocht na nGael, scéal de chuid na Rúraíochta is ea Cath Éadair (Sean-Ghaeilge Cath Étair). Is amhlaidh go dtéann an scéal siar go dtí an 11ú haois, agus caomhnaítear é sa Leabhar Laighneach, agus lámhscríbhinn eile den 16ú haois.

WD Bosca Sonraí LeabharCath Éadair

Achoimre cuir in eagar

Tá clú a chuid sainte ar an bhfile, Aithirne Áilgheasach. Le linn turas timpeall na tíre ar ordú rí na nUladh, Conchúr mac Neasa, d'éalaigh sé an oiread sin ar a óstaigh, go raibh gan mhoill cách ina choinne sna cúigí Connacht agus Mumhan.[1] Ach i gcúige Laighean, nuair a rinne sé iarracht céad bean chéile is caoga na n-uaisle a fhuadach, chuaigh siad ar a thóir agus chuir siad eisean agus céad gaiscíoch na nUladh faoi léigear i nDún Bhinn Éadair (Fine Gall, Baile Átha Cliath).

Sa chath a lean, bhain laoch na nUladh, Conall Cearnach, a cheann dá rí na Laighean Meas Geagra, agus cloíodh na léigearthórí. Tógadh inchinn Mheasa Gheagra, Kalk, ar ais go hUlaidh mar chreach chogaidh. Níos deireanaí, ba chúis bhás Chonchúir mhic Neasa é an inchinn úd (inste sa scéal Aided Chonchobuir).

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, ll. 943 ff.