Cath Chnoc Dhongan
Cath Chnoc Dhongan | |||
Chogadh na hAon Bhliana Déag | |||
Bratach Chónaidhm na hÉireann | |||
---|---|---|---|
Dáta: | 8 Lúnasa 1647 | ||
Áit: | Cnoc Dhongan, Contae na Mí Éire | ||
Toradh: | Bua Pharlaimint Shasana | ||
Céilí comhraic | |||
| |||
Ceannasaithe | |||
| |||
| |||
Taismigh | |||
|
Tharla Cath Chnoc Dungan i gContae na Mí, in oirthear na hÉireann an 8 Lúnasa 1647. Coimhlint ghéar a bhí ann idir arm na Comhdhála Éireannaí agus Parlaimint Shasana le linn Chogadh na hAon Bhliana Déag.
D'idircheapadh arm na nÉireannach ar mháirseáil i dtreo Bhaile Átha Cliath agus scriosadh é. Cé gur ócáid é nach bhfuil mórán eolais air, fiú in Éirinn, bhí an cath an-fhuilteach (le breis agus 3000 marbh) agus bhí iarmhairtí polaitiúla tábhachtacha aige.
Scrios bua bParlaiminteoirí Arm na Comhdhála i gCúige Laighean agus chuir sé le titim chúis na Comhdhála agus concas na hÉireann ag Arm na bParlaiminteoirí sa bhliain 1649.
Cúlra
cuir in eagarFaoi 1647, bhí Comhdháil Chaitliceach na hÉireann ag rialú na hÉireann go léir ach amháin iamhchríocha na bParlaiminteoirí timpeall Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí agus lonnaíocht iargúlta Albanach i gCúige Uladh. An bhliain roimhe sin, dhiúltaigh siad conradh le Ríogaithe Sasanacha, ina ionad sin bhí siad i bhfabhar deireadh a chur leis na fórsaí Briotanacha a bhí fágtha in Éirinn.
I mí Lúnasa, bhí arm Laighean na Comhdhála faoi Thomas Preston ag iarraidh Baile Átha Cliath a bhaint ó garastún Parlaiminte Shasana faoi Michael Jones, nuair a d'idircheap na Maolchinn é agus bhí iallach orthu cath a thabhairt. Cheana féin, mháirseáil Jones 32 míle go Baile Átha Troim chun an garastún Parlaiminte ag Caisleán Bhaile Átha Troim a fhuaiscilt. Rinne Preston, a bhí ag leanúint gluaiseachtaí Jones, iarracht máirseáil ar Bhaile Átha Cliath sular fhill arm Jones, ach níor chlúdaigh sé ach 12 mhíle sular gabhadh é ag Cnoc Dungan, áit a raibh ar fhórsaí na Comhdhála cath a chur in eagar.
Troideadh an cath dhá mhíle ó dheas ó shráidbhaile Chnoc an Línsigh.