Troideadh Cath Messines ar 7 - 14 Meitheamh 1917 le linn an Chéad Chogadh Domhanda i bhFlóndras na Beilge. Bhí na fórsaí Gearmánacha daingnithe go maith i dtrinsí ar Iomaire Messines.[1] Ach bhí sé d’ádh ar na trúpaí ionsaithe, as Éirinn cuid mhaith acu, fórsaí Gearmánacha, a ruaigeadh as Messines, suíomh a raibh an-tábhacht leis.[2] Ní fhacthas réamhbhombardú airtléire riamh a bhí chomh fíochmhar leis – phléasc trí shliogán ar línte na nGearmánach gach soicind go ceann 12 lá. 

WD Bosca Sonraí Coinbhleacht MhíleataCath Messines
An Fronta Thiar sa Chéad Chogadh Domhanda

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcath
Dáta1917
Comhordanáidí50° 46′ 48″ N, 2° 51′ 50″ E / 50.78°N,2.8639°E / 50.78; 2.8639
ÁitFlóndras Thiar
Tíran Bheilg
RannpháirtitheHerbert Plumer, Second Army (en) Aistrigh, XIX (2nd Royal Saxon) Corps (en) Aistrigh, Friedrich Sixt von Armin, Douglas Haig, Rupprecht, Prionsa Corónach na Baváire, an Astráil, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann, Dominion of New Zealand (en) Aistrigh agus Impireacht na Gearmáine

Maraíodh b'fhéidir 42,000 in iomlán, 35,000 as an nGearmáin agus 17,000 as an Ríocht Aontaithe,[3]

Chuaigh an 16ú Rannán (Éireannach) agus an 36ú Rannán (Ulaidh) chun cogaidh le chéile chun an sráidbhaile Beilgech Wytschaete a thógáil in ionsaí dea-phleanáilte ar Iomaire Messines. Fuair an Ginearál Plumer samhail de réir scála den iomaire déanta ionas go mbeadh a raibh rompu le feiceáil ag na trúpaí.[4]

Chuir sé mianaigh á dtochailt le haghaidh pléascán faoi chosaint na Gearmáine. Thuairgneáil thart ar 3 mhilliún sliogán Messines ar feadh os cionn seachtaine. Mhaolaigh an baráiste nuair a mhaidhmigh Plumer 9,500 tonna pléascáin faoi na Gearmánagih i 19 mianach, faoi línte na nGearmánach. Maraíodh 10,000 saighdiúir Gearmánach.

Seo an uair dheireanach a throid náisiúnaithe Éireannacha - an 16ú Irish Division, Caitlicigh a bhformhór - agus Aontachtaithe Éireannacha - an 36ú Ulster Division, Protastúnaigh a bhformhór, i gcoinne an aon namhaid chéanna.

Willie Redmond

cuir in eagar

Gortaíodh go marfach an Captaen Willie Redmond (in aois 56 bliain dó) ar an 7 Meitheamh i gCath Messines. Mar mhaor san Royal Irish Regiment a ghlac sé páirt san ionsaí ar an lá sin. Goineadh é agus tógadh ar ais go dtí ionad garchabhrach é, áit a bhfuair sé bás.

Cuimhneachán

cuir in eagar

Tá Páirc Shíochána agus Túr Oileán na hÉireann le fáil i Messines inniu.[5][6][7]

  1. Messines Ridge
  2. "An Cogadh sa Láib: An Saighdiúir Éireannach sa Bheilg i samhradh 1917 | Decorative Arts & History | Ard-Mhúsaem na hÉireann" (en). National Museum of Ireland. Dáta rochtana: 2021-06-07.
  3. "Battle of Messines | Summary" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2021-06-07.
  4. assets.gov.ie (2016). "IOMAIRE MESSINES, Meitheamh, 1917". Dáta rochtana: 2021.
  5. "Ráiteas ón Tánaiste maidir le bás Paddy Harte - Ráiteas ón Tánaiste maidir le bás Paddy Harte - Department of Foreign Affairs". www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2021-06-07.
  6. Pól Ó Muirí. "An Fionnlaoch ag comóradh shaighdiúirí na hÉireann" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-06-07.
  7. Máire Ní Chuagáin (· NOLLAIG 2005). "I bPáirceanna Flanders" (ga). Beo! (EAGRÁN 56). Dáta rochtana: 2021-06-07.