Cath Raon Ruairidh
Éirí Amach na Seacaibíteach
Cath Raon Ruairidh
Dáta: 27 Iúil, 1689
Áit: Coille Chnagaidh, Peairt agus Ceann Rois, Albain
Toradh: Bua na Seacaibíteach
Céilí comhraic
Ríogaí Seacaibíteacha (Gaeil na hÉireann agus na hAlban Uilliamaítigh (Gaeil agus Gaill)
Ceannasaithe
Iain Greumach,1ú Bíocúnta Dhún Dé An Ginearál Uisdean Mac Aoidh
Slua
2400 saighdiúir coisithe. 3500 saighdiúir coisithe.
Taismigh
600 2000

Troideadh Cath Raon Ruairidh (Béarla: Battle of Killiecrankie) idir clanna Gael na hAlban, a bhí ag tabhairt tacaíochta don Rí Séamas VI Albain (ar a dtugtar freisin Séamas I Shasana) agus trúpaí an rialtais, a bhí ag tabhairt tacaíochta don Rí Liam III nó Liam Oráiste, ar an 27 Iúil, 1689, le linn Chéad Éirí Amach na Seacaibíteach. Cé gur bhain na Seacaibítigh bua iontach amach, ba bheag an tionchar san iomlán a bhí air ar thoradh an chogaidh, agus d'fhág sé a cheannaire marbh. Scaipeadh a gcuid fórsaí ag Blár Dhún Chaillinn (Béarla: Battle of Dunkeld) an mhí ina dhiaidh sin.