Cath Stamford Bridge
Cuid de: Ionradh na Lochlannach
Cath Stamford Bridge
Dáta: 25 Meán Fómhair 1066
Áit: Stamford Bridge, An Trian Thoir, Yorkshire, Sasana
Toradh: Bua cinntitheach Ríocht Shasana
Céilí comhraic
Ríocht Shasana Ríocht na hIorua
(Le tacaíocht ó: Iarlacht Inse Orc)
Ceannasaithe
Harold Godwinson Harald Hardrada
Tostig Godwinson
Slua
~15,000 9,000 (ar a raibh 3,000 fostaithe go déanach sa chath) - 300 long iompair
Taismigh
~5,000 básanna ~6,000 básanna

Tharla Cath Stamford Bridge ag an sráidbhaile Stamford Bridge, An Trian Thoir, Yorkshire, i Sasana ar an 25 Meán Fómhair 1066, idir arm na Sasanach faoin Rí Harold Godwinson agus fórsa ionraigh na Lochlannach faoi stiúir an Rí Harald Hardrada agus  deartháir an rí Shasanaigh Tostig Godwinson. Tar éis cath fuilteach, bhí  Hardrada agus Tostig chomh maith leis an chuid is mó de na Loclannaigh marbh.  Cé gur cuireadh  in iúl go hiondúil gur éirigh le Arald Godwinson na Loclannaigh a chur ó dhoras. Fuair na Normannaigh an ceann is fearr ar na Sasanaigh ag Cath Hastings, níos lú ná trí seachtaine ina dhiaidh sin.  Cé go gcuirtear in iúl gur  léirigh an cath seo deireadh Aois na Lochlannach, tharla feachtais mhóra Lochlannacha sa Bhreatain agus in Éirinn sna blianta ina dhiaidh sin, mar shampla iad siúd de chuid Rí Svend Estridsen na Danmhairge i 1069-1070 agus Rí Magnus Cosnochta ón Iorua i 1098 agus 1102-1103.