Catharine A. MacKinnon (ollamh dlí)

Dlíodóir agus scoláire dlí Meiriceánach is ea An tOllamh Catharine A. MacKinnonCaitríona Nic Fhionghuine (a rugadh ar 7 Deireadh Fómhair 1946).

Infotaula de personaCatharine A. MacKinnon

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Catharine Alice MacKinnon
Beathaisnéis
Breith7 Deireadh Fómhair 1946
77 bliana d'aois
Minneapolis, Minnesota Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaFeimineachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Smith
Scoil Dlí Yale
Ollscoil Yale Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaRobert A. Dahl
Gníomhaíocht
Réimse oibreEolaíocht pholaitiúil, staidéar inscní, Comhionannas inscne agus genocide studies (en) Aistrigh
Gairmdlíodóir, múinteoir ollscoile, saineolaí dlí, scríbhneoir, feimineach Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil York (1988–1989)
Ollscoil Minnesota (1982–1984)
Scoil Dlí Harvard
Scoil Dlí Ollscoil Michigan
Ollscoil Michigan
Ollscoil Harvard Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Spéis aige/aici iRadical feminism (en) Aistrigh
Mac/iníon léinn de chuidRobert A. Dahl
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
AthairGeorge Edward MacKinnon
Gradam a fuarthas
Scoil Dlí Ollscoil Michigan

Saol cuir in eagar

 
Law Library, University of Michigan.

Céimí de chuid Choláiste Smith (BA '69), Scoil Dlí Yale (JD '77) agus Ollscoil Yale (PhD '87) is ea í. Tá Ollúnacht Elizabeth A. Long sa Dlí i Scoil Dlí Ollscoil Michigan aici ó 1989.[1]

Rinne MacKinnon ceannródaíocht ar an gcoincheap gur gné den leatrom ar bhonn gnéis is ea ciapadh gnéis, agus is féidir sásamh dlí a fháil maidir leis. Agus é sin á dhéanamh, bhí MacKinnon freagrach as ceann de na nuálaíochtaí is suntasaí i ndlí na Meiriceánach ó na 1960idí.[1]

Tá tionchar ag a cuid scoláireachta, a cuid dlíodóireachta agus a cuid gníomhaíochais in éadan na pornagrafaíochta agus an striapachais, cé go bhfuil an tionchar sin le feiceáil níos mó taobh amuigh de Stáit Aontaithe Mheiriceá ná taobh istigh de.

Sin an scéal, thar aon rud eile, maidir le "heiseamláir na Sualainne" i dtaobh an striapachais (a dhéanann coirpeach den té a a íocann as páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht ghnéasach le striapach nó a dhéanann brabús as, gan coirpeach a dhéanamh as an striapach féin.) Spreag an eiseamláir sin (atá i bhfeidhm i roinnt tíortha eile chomh maith leis an tSualainn) an fhoráil san tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 2017 a chuireann cosc, den chéad uair ar sheirbhísí gnéis a cheannach.

Chomh maith leis an tionchar ginearálta atá aici mar scoláire agus gníomhaí, mhúnlaigh MacKinnon an chonair ghairme a bhí ag roinnt céimithe dár gcuid go pointe áirithe, mar shampla An Dochtúir Méabh Ní Ruairc.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Catharine MacKinnon". Dáta rochtana: 2021.