Ceartas aeráide
Is éard atá i gceist le ceartas aeráide (nó cóir aeráide) ná gurb iad na tíortha is saibhre ar domhan, na truaillitheoirí is mó fadó - agus fós inniu de ghnáth - a íocann a gcion féin den ualach chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus an timpeallacht a chosaint. Ar an taobh eile, is éard atá i gceist le héagóir aeráide ná gurb iad na fir, na mná agus na páistí is leochailí ar domhan na daoine is mó atá thíos le hathrú aeráide.[1] Mar shampla, cé nach bhfuil an Afraic freagrach ach as beagnach 4% d’astaíochtaí an domhain, is í is mó atá thíos le míbhuntáistí an athraithe aeráide de réir na saineolaithe.[2]
Roinnt na gcostas
cuir in eagarBaineann bunchúiseanna athrú aeráide go dlúth le stíl mhaireachtála an ró-thomhaltais na dtíortha saibhre. Is iad na daoine bochta leochailleacha a bhfuil a gcearta maidir le bia, fothain, uisce agus beatha i mbaol cheana féin, is mó a fhulaingíonn toisc na héagóra seo.[1]
Tagraíonn cóir aeráide don doicheall a bhíonn ar rialtais na dtíortha tionsclaithe, Éire san áireamh, gníomhartha móra a thógaint chun an ró-thomhaltas a mhaolú.
Braitheann na daoine i nDeisceart an Domhain iarmhairtí athrú aeráide i bhfad níos mó ná mar a bhraithimidne in Éirinn iad. Mar shampla, bhí aon trian den Phacastáin buailte ag na tuilte sa bhliain 2022, agus cúnamh airgid idirnáisiúnta in easnamh.
Cóir aeráide in Éirinn?
cuir in eagarTá Éire ar an dara tír is measa san Eoraip maidir le méid na n-astaíochtaí carbóin in aghaidh an duine.[3]
Ghlac Rialtas na hÉireann sa bhliain 2020 leis an bprionsabal an "truaillitheoir a íocann"; gheall Clár an Rialtais "sin á dhéanamh againn, díreoimid aon arduithe cánach ar na cánacha sin a ghearrann cáin ar seachtrachtaí diúltacha, ar nós cáin charbóin, cáin ar shiúcra agus cáin ar phlaisteach".
Ciste idirnáisiúnta
cuir in eagarLe linn COP 27[4] in Sharm El Sheikh san Éigipt sa bhliain 2022, bunaíodh ciste idirnáisiúnta le teacht i gcabhair ar phobail leochaileacha ar fud an domhain a bhfuil an t-athrú aeráide ag dul i gcion go mór orthu. Don chéad uair, ghlac na tíortha saibhre leis an bprionsabal an 'údar an truaillithe a íocann".
Chuir Éire €10 milliún sa chiste, méid beag bídeach.
Féach freisin
cuir in eagarNaisc
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 Trócaire (21 Eanáir 2015). "Athrú Aeráide, Cóir Aeráide". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Amy Ní Riada (2023-11-13). "Na daoine is boichte ar domhan thíos leis an athrú aeráide" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2023-12-01.
- ↑ Professor Hannah Daly (2022-11-07). "Ireland second in the EU for per-capita emissions of greenhouse gases — we must act" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2022-12-12.
- ↑ Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, 2022