Cecilia Margaret Nairn

ealaíontóir Éireannach

Céirshamhlóir agus péintéir Éireannach ab ea Cecilia Margaret Nairn (née Cecilia Margaret Campbell; 1791 – 4 Meitheamh 1857).[1][2] Dhírigh sí ar phéintéireacht uiscedhatha de thírdhreacha agus ar mhúnlú bhláthanna as céir.[3] Bhí pictiúir dá cuid ar taispeáint san Acadamh Ibeirneach Ríoga ó 1826 go 1851.[4]

Infotaula de personaCecilia Margaret Nairn
Beathaisnéis
Breith(en) Cecilia Margaret Campbell
1791
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Bás4 Meitheamh 1857
65/66 bliana d'aois
Battersea, England Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpéintéir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileGeorge Nairn Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJohn Henry Campbell
Pictiúr de chuid Nairn, Ceann Bhré

Rinne sí staidéar ar an bpéintéireacht lena hathair, John Henry Campbell, péintéir é féin.[5] Nuair a bhí sí ocht mbliana déag d'aois, thosaigh sí ag taispeáint a cuid oibre i dtaispeántais éagsúla. Sa bhliain 1809, sheol sí saothar chuig an taispeántas ar Shráid Hawkins i mBaile Átha Cliath, agus lean sí ar aghaidh leis an nós seo ar bhonn leanúnach go dtí 1821. Sheol sí a cuid oibre go dtí an tAcadamh Ibeirneach Ríoga ó am go ham idir 1826 agus 1847 i gCill Airne agus Cill Mhantáin.[6] Tá roinnt dá cuid uiscedhathanna in Iarsmalann Uladh.[7]

Rugadh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1791 í.[7] Bhí beirt deartháireacha aici, John agus Charles.[8] Bhí John ina chónaí i mBéal Feirste agus ba dhearthóir patrúin damaisc agus línéadaigh é, agus bhí Charles ina oifigeach airm. Phós sí an péintéir capall Éireannach George Nairn (1799 – 25 Eanáir 1850). Fuair George bás ó thinneas fada pianmhar ar 25 Eanáir 1850, agus fuair sise bás roinnt blianta ina dhiaidh sin, in Oak House, Battersea, ar 4 Meitheamh 1857.

Tagairtí cuir in eagar

  1. ULAN Full Record Display (Getty Research)”. www.getty.edu. Dáta rochtana: 2021-12-13.
  2. "Nairn, Cecilia Margaret" (2011-10-31). Oxford University Press. doi:10.1093/benz/9780199773787.article.b00128539. Dáta rochtana: 2018-07-05. 
  3. Cecilia Margaret Campbell (Irish, 1791–1857)”. www.artnet.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-07-05. Dáta rochtana: 2021-12-13.
  4. Gray, Sara (2009). "The Dictionary of British Women Artists". Casemate Publishers]]. ISBN 978-0718830847.  (luaite mar "O'Connor, Cecilia Margaret", athair: "J.A. O'Connor")
  5. "Irish Women Artists: From the Eighteenth Century to the Present Day" (1987). National Gallery of Ireland. ISBN 0903162407. 
  6. NEAR GLENTIES, COUNTY DONEGAL, 1850 (A PAIR) by Cecilia Margaret Nairn (1791-1857) (1791-1857) at Whyte's Auctions | Whyte's - Irish Art & Collectibles”. Whyte's. Dáta rochtana: 2019-04-26.
  7. 7.0 7.1 Butler (1997). "Three hundred years of Irish watercolours and drawings": 65–66. Londain: Phoenix Illustrated. ISBN 0-7538-0206-6. OCLC 39489326. 
  8. Clarke, Frances (2009). “Cecilia Margaret Campbell in Campbell, John Henry”. Dictionary of Irish Biography. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-12-13. Dáta rochtana: 2021-12-13.