Iarsmalann Uladh suite ar thailte na Luibhghairdíní i mBéal Feirste. Tá timpeall is 8,000 méadar cearnacha de spás ann do bhailiúcháin an mhúsaeim. Ar an ábhar a thaispeántar ann tá míreanna mínealaíon, ealaíon fheidhmeach, seandálaíochta, eitneagrafaíochta, seoda ó Armáid na Spáinne, staire áitiúla, monaíochta, luibheolaíochta, míoleolaíochta agus geolaíochta. Is é an músaem is mó i dTuaisceart Éireann. Cuid de Músaeim Náisiúnta, Tuaisceart Éireann atá ann.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Iarsmalann Uladh
Íomhá
Sonraí
CineálMúsaem agus músaem náisiúnta
Cuid deMúsaeim Náisiúnta, Tuaisceart Éireann
Foirgníocht1929 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBéal Feirste, Northern Ireland
SuíomhBotanic Gardens, Belfast BT9 5AB
Map
 54°35′N 5°56′W / 54.58°N 5.93°W / 54.58; -5.93
Suíomh gréasáin oifigiúilnationalmuseumsni.org
Twitter: UlsterMuseum Cuir in eagar ar Wikidata
Iarsmalann Uladh

Bhí Iarsmalann Uladh druidte ar feadh beagnach trí bliana ag toiseacht sa bhliain 2006 agus athdheisiú á dhéanamh air. Fosclaíodh arís don phobal í ar 22 Deireadh Fómhair 2009, cothrom 80 bliain a bhunaidh. Chuidigh an Crannchur Náisiúnta agus an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta lena maoiniú.

Cnámharlach tricearatops ag Iarsmalann Uladh

Stair cuir in eagar

Bunaíodh Iarsmalann Uladh faoi ainm Belfast Natural History Society sa bhliain 1821 agus thoisigh an cumann a thaispeánadh a chuid bhailiúchán sa bhliain 1833. Tá gaillearaí ealaíona ann ón bhliain 1890 i leith. Ar dtúis, Belfast Municipal Museum and Art Gallery a tugadh air.[1] Sa bhliain 1929, aistríodh an iarsmalann go dtí an suíomh ina bhfuil sí inniu, insan Sruthán Milis. James Cumming Wynne a dhear an foirgneamh sin.

Bailiúcháin cuir in eagar

Péintéirí agus dealbhóirí a bhfuil saothar acu san Iarsmalann

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2006-10-13. Dáta rochtana: 2016-07-07.

Naisc sheachtracha cuir in eagar