Charles J. Kickham

scríbhneoir agus réabhlóidí Éireannach

Náisiúnaí Éireannach agus scríbhneoir Béarla a bhí i Charles Joseph Kickham. Rugadh i Muileann na hUamhan, Contae Thiobraid Árann é ar an 9 Bealtaine 1828 agus fuair sé bás ar an gCarraig Dhubh in aice le Baile Átha Cliath ar an 22 Lúnasa 1882. Ghlac sé páirt in éirí amach na bliana 1848 in Éirinn agus bhí sé ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta. Sa bhliain 1865, rug na Sasanaigh air, agus gearradh daorbhroid ceithre bliana déag dó. Níor chaith sé ach ceithre bliana sa phríosún, ach ina dhiaidh sin, bhí a shláinte curtha ó mhaith ar fad, cé go raibh sé páirteach i saol polaitiúil na náisiúnaithe go deireadh a shaoil.

Infotaula de personaCharles J. Kickham

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith9 Bealtaine 1828
Muileann na hUamhan Cuir in eagar ar Wikidata
Bás22 Lúnasa 1882
54 bliana d'aois
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Síniú

Scríobh sé trí úrscéal faoi shaol na ndaoine bochta faoin tuath, mar atá, Knocknagow, Sally Kavanagh, agus For the Old Land. Chuir Máirtín Ó Cadhain Gaeilge ar an dara ceann acu.

Tagairtí cuir in eagar