Is ceann de na 31 stát de chuid Mheicsiceo é Chihuahua agus é suite i dtuaisceart na tíre ar an teorainn leis na Stáit Aontaithe. Is é Chihuahua an stát Meicsiceach is mó agus as sin a thagann a leasainm, el Estado Grande ("an stát mór"). Is é Chihuahua an phríomhchathair agus is é Ciudad Juárez an chathair is mó daonra. Bhí 3,470,783 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2012.
Cónaíonn an chuid is mó de na daoine in aice leis na haibhneacha, mar atá, an Río Grande agus an Conchos. Tá gaineamhlach sa stát (Gaineamhlach Chihuahua) ach tá níos mó foraoisí in Chihuahua ná mar atá in aon stát eile i Meicsiceo seachas Durango.
Is síol faoi thíreolaíocht Mheicsiceo é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |