Children of the Revolution (scannán 2010)
Scannán faisnéise é Children of the Revolution a rinne an scannánóir Éireannach, Shane O’Sullivan sa bhliain 2010. Beirt bhan iomráiteacha is ábhar don saothar seo: Ulrike Meinhof a bhí ina ceannaire ar bhrainse d’Arm Dearg na Gearmáine agus Fusako Shigenobu a bhí ina ceann feadhna ar Arm Dearg na Seapáine. Réabhlóid na mac léinn sa bhFrainc (1968) agus an sléacht i Vítneam a ghríosaigh na mná seo chun iarracht a dhéanamh deireadh a chur leis an gcaipitleachas trí réabhlóid dhomhanda a spreagadh.[1]
Buneolas | |
---|---|
Stiúrthóir | Shane O'Sullivan |
Príomhcharachtair | |
Léiriú | Shane O'Sullivan |
Mionsonraí | |
Tír bhunaidh | Sasana, Éire agus an Ghearmáin |
Céadléiriú | 2010 |
Fad ama | 92 min |
Bunteanga | Béarla |
Cur síos | |
Seánra | scannán faisnéiseach |
Taispeánann sé/sí | Ulrike Meinhof agus Fusako Shigenobu |
Suíomh gréasáin oifigiúil | childrenoftherevolution.co.uk → (2011) |
Rinne siad a mbealach chuig an Meánoirthear, áit ar chuir na Palaistínigh faoi oiliúint mhíleata iad. Is iad agus Leila Khaled na mná is mó atá luaite le réabhlóideachas na ré sin agus tharraing a ngníomhartha clú agus cáil orthu. Údair agus iriseoirí iad iníonacha na mban seo, Bettina Röhl and Mei Shigenobu, agus sa scannán seo tugann siad léargas faoi leith dúinn ar shaol agus ar oidhreacht na gceannairceach cáiliúil seo.[1]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Super User. "Children of the Revolution" (ga-ie). Club Scannán Sailearna. Dáta rochtana: 2022-05-08.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |