Cill Ghallagáin

baile fearainn i gContae Mhaigh Eo

Sráidbhaile agus baile fearainn in Iorras in iarthuaisceart Chontae Mhaigh Eo in iarthar na hÉireann is ea Cill Ghallagáin[1] (Kilgalligan as Béarla). Ceantar Gaeltachta atá ann. Tá beagnach 800 logainm sa pharóiste.[2][3]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCill Ghallagáin

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°18′50″N 9°49′01″W / 54.3139°N 9.8169°W / 54.3139; -9.8169
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Mhaigh Eo
Toghroinn cheantairCnoc an Daimh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde8 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie35406

Tá Trá na Rinne Rua agus na Fothantaí Dubha le fáil sa gceantar.

Stair cuir in eagar

 
1985ː Seán Ó hEinirí, seanchaí[4][5][6][7]

Tháinig an t-ainm ó Naomh Gallagáin. Bhí séipéal nó cillín aige sa nGort Dubh - an áit a bhfuil an teampall. Deir an seanchas gur cuireadh Gallagáin Naofa, naomh-phátrún an cheantair, faoin ardán cruinn sa gcúinne thiar thuaidh den teampall.

Fuarthas leac ársa ar bharr an leachta agus cros greanta uirthi, agus bollán briste ina haice. Tá tobar Ghallagáin Naofa le feiceáil ann agus uisce fós ann.

Naisc Sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Cill Ghallagáin/Kilgalligan | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. Beiner, Guy, Remembering the Year of the French: Irish folk history and social memory, University of Wisconsin Press, 2007
  3. "Cill Ghallagáin/Kilgalligan" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2020-08-17.
  4. Níl aon fhoinse gurbh eisean an cainteoir aonteangach deireanach.Sna 2020idí, tá cainteoirí gan bhéarla fós ar an bhfód cé nach bhfuil mórán díobh ann. Ní fíor in aon chor gurbh é Seán 'an cainteoir aonteangach deireanach (2022-01-09). "Scéalta Chois Cladaigh - Seán Ó hEinrí, seanchaí agus an cainteoir deireanach aonteangach Gaeilge". r/gaeilge. Dáta rochtana: 2022-10-25.
  5. "Ó hÉINIRÍ, Seán (1915–1998)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2022-10-25.
  6. YouTube. "Scéalta Chois Cladaigh / Stories of Sea and Shore - Seán Ó hEinrí / John Henry" (as ga-IE). 
  7. John Henry (1983). "Scéalta Chois Cladaigh" (as ga-IE) Google Books. Comhairle Bhéaloideas Éireann, University College.