Cille Bhrìghde an Iar
Sráidbhaile agus paróiste stairiúil i Siorrachd Àir a Tuathh na hAlban is ea Cille Bhrìghde an Iar [1]. Tá ansráidbhaile suite ar chósta thiar na hAlban in aice le Linne Chluaidh, ag féachaint trasna an chaoláire go dtí Gaoda Bheinn agus Eilean Arainn. De ghnáth meastar gur baile beag é Cille Bhrìghde an Iar agus an ceantair in aice le Seamill agus Port na Coise, agus bhí 4,393 duine ina gcónaí ann le linn daonáireamh 2001. [2]
Cille Bhrìghde an Iar | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | |||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Albain | |||
Limistéar comhairle in Albain | Comhairle Siorrachd Àir a Tuath | |||
Daonra | ||||
Iomlán | 4,700 (2016) | |||
Tíreolaíocht | ||||
Ar theorainn le | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Glaochód | 01294 |
Stair
cuir in eagarLuathstair
cuir in eagarTá cloch nó peitriglif Neoiliteach, a bhfuil marcanna ar a dromchla, suite ar Blackshaw Bank, in aice le Cille Bhrìghde an Iar. Tá an chloch seo neamhghnách, sa mhéid is go bhfuil sí snoite le trí bhís.[3] Cé nach eol cuspóir na gcloch sin, meastar go mb'fhéidir go raibh tábhacht reiligiúnach acu.[4]
Nochtadh rianta de dhaingniú ón Iarannaois nuair a tógadh an teach darbh ainm "An Dùn" i Rathad Àird Rosain, Seamill.[5]
An tréimhse Cheilteach
cuir in eagarCreidtear go hiondúil go bhfuil Cille Bhrìghde an Iar ainmnithe i ndiaidh Brìghde Chill Dara. Tugann an logainm le fios go raibh uair amháin cill ( eaglais nó reilig) do Bríd sa cheantar, cé go bhfuil finscéal áitiúil ann a deir gur thug sí cuairt ar an áit chun a séipéal a bhunú timpeall na bliana 500 AD (de réir dealraimh bhí an pointe tuirlingthe os comhair Seamill Hydro anois). Cuireadh an réimír " Iar" leis chun idirdhealú a dhéanamh idir áiteanna eile a dhéanann comóradh ar an naomh Ceilteach céanna, mar shampla an baile nua Cille Bhrìghde an Ear i Siorrachd Lannraig a ainmníodh "Ear" chun idirdhealú a dhéanamh idir é agus an " Iar" níos sine. Tá gráig sa cheantar ó 82 AD nuair a bhí 30,000 trúpa lonnaithe ag an nginearál Rómhánach Agricola i gceantar an tsráidbhaile ar a dtugtar Gateside anois. Go fóill, is féidir breathnaigh thart ar na mbóithre Rómhánacha atá timpeall an tsráidbhaile go dtí an lá atá inniu ann, agus is iomaí déantán réamhstairiúil Rómhánacha a tuairiscíodh agus a cuireadh i dtaisce i Músaeim ar fud na hAlban. Bhí eastát ag Crauford, uncail Uilleam Uallas, ag Corsbie i dTuaisceart an tsráidbhaile, agus tá sé seo fós in úsáid mar pháirc carbhán darbh ainm Crosby, go dtí an lá atá inniu ann (teaghlach mháthair Uallais). Sna blianta ina dhiaidh sin thug Roibeard Brús, deontas de thailte Bharúntacht Chille Bhrìghde do Bhoyds Chill Mheàrnaig.[6] Bhí muilte agus oibreacha éagsúla ann tráth, agus san 18ú haois ba shráidbhaile fíodóireachta go príomha é Cille Bhrìghde an Iar.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- ↑ “West Kilbride-Cille Bhrìghde an Iar. Ainmean-Àite na h-Alba.
- ↑ "2001 Census, population data for Seamill and West Kilbride". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-27. Dáta rochtana: 2024-08-07.
- ↑ Lamb, Rev. John, BD (1896). Annals of an Ayrshire Parish - West Kilbride. Glasgow: John J. Rae. page 70
- ↑ Lamb, Rev. John, BD (1896). Annals of an Ayrshire Parish - West Kilbride. Glasgow: John J. Rae. page 72
- ↑ Amenity Society, West Kilbride, Seamill, Portencross & Thereabouts, p.14.
- ↑ Lamb, page 41