Ciotrón
Is éard is ciotrón ann, ná an toradh cumhra Citrus medica (an crann ciotrón[1]) a bhfuil feidhm leis sna córais Swingle agus Tanaka araon. Tá sé ina bhall suntasach san ghéineas Citrus, a bhaineann leis na Rutaceae, fo-theaghleach Aurantioideae. Tagann an t-ainmniú medica de réir dealraimh ón ainm ársa comhchosúil 'media', a bhí faoi thionchar Theophrastus, a chreid gur tháinig an citron ó Mhedes, ó Pheirs nó ón Aisiria ó dhúchas.
Citrus medica | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | citron (en) |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 62041221 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Sapindales |
Fine | Rutaceae |
Treibh | Citreae |
Géineas | Citrus |
Speiceas | Citrus medica L., 1753 |
Tá a lán ainmneacha cosúil go leor lena chéile i dteangacha éagsúla ar an toradh seo, m.sh. cederat, cedro, srl. Tá na cinn is mearbhlaí faighte áfach sa Pholainnis, Seicis, Slóvaicis, Fraincis, Ollainnis, Ghearmáinis, Ghiúdais agus teangacha Lochlannacha, ina bhfuil an cara bréagach "citron" ar fáil, a déanann tagairt do na torthaí ar a dtugtar na líomóidí i nGaeilge. Tugtar "cédrat" ar 'ciotrón' i bhFraincis.
- ↑ ““Citrus medica” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.