Toradh citris
Is éard atá i gceist leis na torthaí citris ná torthaí na bplandaí den ghéineas Citrus san fhine úd Rutaceae. Torthaí citris iad an t-oráiste, an líomóid, an líoma, an tseadóg, an pomaló, an ciotrón, an tainséirín agus a lán eile. Le fírinne, is hibridí iad an chuid is mó de na torthaí citris a bhíonn á saothrú le haghaidh trádála, agus bhí na saineolaithe féin an-mhall ag teacht isteach ar rangú na gcineálacha éagsúla. Bíonn boladh cumhra as na torthaí seo, agus sú maith folláin iontu a bhfuil a lán vitimín C (aigéad ascorbach) ann. Os a choinne sin, tá a lán aigéad citreach i sú na dtorthaí seo fosta, rud a chiallaíonn gur féidir dó damáiste a dhéanamh do na fiacla.
Citrus | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | toradh citris agus sú citris |
Planda | |
Cineál an toraidh | heispiridiam |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Sapindales |
Fine | Rutaceae |
Fofhine | Aurantioideae |
Géineas | Citrus L., 1753 |
Ainmníocht | |
Ainm comhchiallach an tacsóin |
Is toim nó crainn spíonacha shíorghlasa iad uile. Na duilleoga ubhchruthach dúghlas snasta, le nasc altach leis an ngas. An gas eiteach go minic, uaireanta ionas go mbíonn an chuma air gur duille eile é, nasctha le bun na príomhdhuilleoige. Mionathraíonn duilleoga ar bhuinneáin chliathánacha ina spíonta. Iompraítear na duilleoga is na torthaí ar an gcrann ag an am céanna. Na bláthanna cumhra ina n-aonar nó i gcrobhaingí beaga in ascaillí na nduilleog, 4-5 sheipeal is 4-8 peiteal bán méith. Saghas caoire atá sa toradh ina bhfuil na cairpéil (na gnáth-theascáin a chuimsíonn na síolta i mbia méith) imchlúdaithe i gcraiceann ramhar leathrúil. Cuimsíonn an duilliúr is craiceann na dtorthaí an iliomad faireog le blátholaí cumhra iontu. Saothraítear an chuid is mó de na speicis citris, chomh maith le cuid mhaith saothróg. Tháinig na torthaí citris ón tSín is oirdheisceart na hÁise ar dtús, ach tá siad á saothrú go forleathan leis na cianta. Anois fástar iad sna trópaicí is na réigiúin mheasartha theo ar fud an Domhain ach gar don Mheánmhuir, deisceart na Stát Aontaithe, an Afraic Theas is an Astráil. Tá trádáil shuntasach idirnáisiúnta sna torthaí seo. Itear iad go díreach úr, ach déantar marmaláid, toradh leasaithe is súlach astu freisin, agus faightear blátholaí ó chuid acu atá tábhachtach do thionscal na gcumhrán.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Citreas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 141.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |