Aigéad citreach
Aigéad carbocsaileach é an t-aigéad citreach HOOCCH2CHOH(COOH)CH2COOH. Tá sé le fáil go nádúrtha sa líomóid, san oráiste agus sna torthaí citris eile. Leasaitheach nádúrtha atá ann, agus cuirtear leis an mbia agus leis an deoch go minic é. Tá ról tábhachtach ag an aigéad citreach i meitibileacht na neach beo go léir, nó tá a leithéid ann agus timthriall an aigéid chitrigh. Timthriall d'imoibrithe ceimiceacha atá i gceist ina bhfuil an t-aigéad citreach ar ceann de na céimeanna, agus is cuid den ríospráid cheallach é - is é sin, an dóigh a mbíonn na cealla ag "análú" agus ag claochlú (ag dó) na saille agus na gcarbaihiodráití go dé-ocsaíd charbóin.
Féach freisin Cuir in Eagar
Tagairtí Cuir in Eagar
Naisc sheachtracha Cuir in Eagar
Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |