Lus na Maighdine Muire
Planda bliantúil nó ilbhliantúil, uaireanta ina thom, is ea lus na Maighdine Muire[1] (Hypericum perforatum). Luaitear le Colm Cille is Muire chomh maith é. Tá sé dúchasach ar fud na réigiún measartha is na sléibhte trópaiceacha. Na duilleoga breactha le faireoga, urchomhaireach nó bíseach, an-chaol nó ubhchruthach. Na bláthanna go minic mór feiceálach, buí le 5 pheiteal is an-chuid staimíní. Capsúl nó caor an toradh. An-chuid úsáidí aige mar luibh sa sean-am: cosaint ar asarlaíocht is oilc eile, agus luibh íce. Chuir Bord Leigheasra na hÉireann cosc ar a dhíol in Éirinn mar chógas leighis i 2001, mar gheall ar na drochiarmhairtí a fhéadfaidh a bheith aige, go mór mór nuair a bhíonn cógais eile leighis in úsáid ag duine ag an am céanna.[2]
Hypericum perforatum | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | St. John's wort flowering top (en) agus St John's wort oil (en) |
Planda | |
Cineál an toraidh | capsúl |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Malpighiales |
Fine | Hypericaceae |
Treibh | Hypericeae |
Géineas | Hypericum |
Speiceas | Hypericum perforatum L., 1753 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Hypericum perforatum” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Beathnua". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 68.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |