Córas Callagrafaíochta meánaoisí is ea Clú na nOileán, as Éirinn ó dhúchas, a scaip go Sasana agus mór-roinn na hEorpach faoi thionchar Chríostaíochta Ceiltí. Úsáideadh é thar lear i mainistreacha amhail is Bobbio agus Fulda. Tá an cheangal idir é agus Ealaín na nOileán, go háirithe lámhscríbhinní dathmhaisithe. Bhí tionchar mór aige ar ortagrafaíocht na Gaeilge agus clónna Gaelacha an lae inniu.

Tús le Soiscéal Mharcais ón Leabhar Dharú

Forbraíodh na scripteanna sa 7ú haois, agus úsáideadh iad chomh déanach agus an 19ú haois, cé go raibh a bhuaicphointe idir na blianta 600 agus 850.

Laistigh den chóras, bhí an-chuid clónna ilchineálacha, úsáidte le haghaidh feidhmeanna éagsúla, mar shampla, téacsanna non-scriptural, litreacha, taifid cuntasaíochta, nótaí srl.[1]

Dealramh cuir in eagar

 
St Chad Gospels: "Et factum est iter[um cum sabbatis ambula]ret Iesus per sata" (Marcas 2:23, lch. 151)
 
Gaol simplithe idir scripteanna éagsúla, ag léiriú fhorbairt na scripte leath-uingí óna leaganacha Gréagacha agus Rómhánacha

Feictear go coitianta i gCló na nOileán túslitreacha móra agus poncanna dearga thart timpeall orthu. Go minic ansin, éiríonn níos lú na litreacha a leanas go dtí an ghnáth mhéid. Is saintréith na nOileán é seo, agus feictear a tionchar ar an mór-roinn.

Scríobhtar litreacha le héirithigh (b, d, h, l, srl.) le barra triantánach nó dingchruthacha. Is an-leathan iad na boghanna de litreacha amhail is b, d agus p. Tá ann sa chló an-chuid nasclitreacha agus giorrúcháin nó noda ar leith, i dteannta le hiasachtaí ó nótaí Tiro.

Tá cúig chéim na nOileán aitheanta ag scoláirí, in ord íslitheach foirmiúlachta:[2]

  • leath-uingeach, nó "mórscript Éireannach": ach amháin le haghaidh rúibricí agus a leithéid tar éis na 9ú haoise.[3]
  • hybrid minuscule: the most formal of the minuscules, came to be used for formal church books when use of the "Irish majuscule" diminished.[3]
  • mionscript tacair
  • mionscript reatha
  • mionscript tapa[4]

Tá sé molta go raibh dhá chéim forbartha ann. Sa dara chéim, feictear tionchar na scripte leath-uingí Rómhánaí, forbartha ag ag Monkwearmouth-Jarrow agus léirithe ag na Soiscéil Lindisfarne.[5]

Úsáid cuir in eagar

Baineadh úsáid as Cló na nOileán le haghaidh idir saothair chreidimh as Laidin agus i dteanga an phobail. I measc eiseamláirí, tá leanas:

Tá tionchar chloí na nOileán le feiceáil i bhforbairt na mionscripte Cairilínsí.

Tá an et (agus) le Tiro, , le feiceáil go forleathan sa script, agus scaití i gclónna Gaelacha an lae inniu atá bunaithe ar Chló na nOileán.

Unicode cuir in eagar

Níl ach cúpla litir na nOileán ionchódaithe sa chóras Unicode, le feiceáil thíos. Ní thaispeántar ach most fonts will only display U+1D79 (ᵹ) ag an gcuid is mó de chlónna. Tá trí clónna saor in aisce ann a thacaíonn gach litir, .i. Junicode, Montagel agus Quivira. I dteannta sin, tacaíonn Gentium agus Charis SIL litreacha aibítre (U+A77x agus U+A78x).

Sa mholadh Unicode 2006 le haghaidh an chló Ghaelaigh, dúirt Michael Everson gur gá ASCII a úsáid de ghnáth agus go ndéanfadh an cló an malartú ba chuí.[6]

Litreacha na nOileán in Unicode[unicode_chart_insular 1][unicode_chart_insular 2]
  0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 A B C D E F
U+1ACx ◌ᫌ ◌ᫍ ◌ᫎ
U+1D7x
U+1DDx ◌ᷘ
U+204x
U+2E5x
U+A77x
U+A78x
U+A7Dx
Notes
  1. Ó Unicode leagan 14.0
  2. Faightear na carachtair seo that na blocanna Unicode a leanas:

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • O'Neill, Timothy. The Irish Hand: Scribes and Their Manuscripts From the Earliest Times. Corcaigh: Cork University Press, 2014. ISBN 978-1-7820-5092-6

Naisc sheachtracha cuir in eagar

  • Pfeffer Mediæval, mionscript na nOileán mar Chló Unicode (ó cheart, mionscript Chairilínseach le leaganacha malartacha)

Tagairtí cuir in eagar

  1. Brown, Michelle P., Manuscripts from the Anglo-Saxon Age, lch. 13, 2007, British Library, ISBN 978-0-7123-0680-5
  2. Julian Brown
  3. 3.0 3.1 Saunders, Corinne (2010). "A Companion to Medieval Poetry". John Wiley & Sons. 
  4. "The Wiley-Blackwell Encyclopedia of Anglo-Saxon England" (2013). John Wiley & Sons. : Entry "Script, Anglo-Saxon"
  5. Brown, Thomas Julian (1993). "A Palaeographer's View: Selected Writings of Julian Brown". Londain: Harvey Miller Publishers. 
  6. Everson, Michael (2006-08-06). "N3122: Proposal to add Latin letters and a Greek symbol to the UCS". ISO/IEC JTC1/SC2/WG2. Dáta rochtana: 2016-11-22.