Clóiríd vinile
Is orgánaclóiríd í clóiríd vinile a bhfuil an fhoirmle H 2 C=CHCl aici. Tugtar monaiméir clóiríd vinile (MCV) nó déchlóireatán uirthi freisin. Is ceimiceán tionsclaíoch tábhachtach í an chomhdhúil éadathach seo a úsáidtear go príomha chun an polaiméir chlóiríd pholaivinile (CPV) a tháirgeadh. Táirgtear thart ar 13 milliún tonna gach bliain. Tá MCV i measc na fiche peitriceimiceán is mó (ceimiceáin a dhíorthaítear ó pheitriliam) i dtáirgeadh an domhain. Tá na Stáit Aontaithe fós ar an réigiún déantúsaíochta MCV is mó faoi láthair mar gheall ar a chostas íseal táirgeachta in amhábhair chlóirín agus eitiléine. Is déantóir mór í an tSín freisin agus ceann de na tomhaltóirí is mó de MCV.[1] Is gás i an chlóiríd vinile a bhfuil boladh milis uirthi. Tá sí an-tocsaineach, inadhainte, agus carcanaigineach. Is féidir í a fháil sa timpeallacht nuair a bhriseann orgánaigh ithreach síos tuaslagóirí clóirínithe. Is féidir le clóiríd vinile a scaoileann tionscai nó a chruthaítear trí mhiondealú a dhéanamh ar cheimiceáin chlóirínithe eile dul isteach san aer agus soláthairtí uisce óil. Éilleáin coitianta is ea clóiríd vinile a fhaightear in aice le líonadh talún.[2] San am atá thart, baineadh úsáid as MCV mar chuisneán..[3]
Substaint cheimiceach | aicme eintiteas ceimiceach |
---|---|
Mais mhóilíneach | 61.992 Da |
Ról | carcainigin agus carcanaigin cheirde |
Struchtúr ceimiceach | |
Foirmle cheimiceach | C₂H₃Cl |
SMILES canónta | Model 2D C=CCl |
InChI | Model 3D |
Airí | |
Comhéifeacht athraonta | 1.37 (a 20 °C) |
Tuaslagthacht | 0.1 g/100 g (uisce, 25 °C) |
Móimint leictreach dhépholach | 1.45 D |
Pointe leáite | −160 °C −153.79 °C |
Fiuchphointe | −14 °C (a 760 Torr) −13.37 °C (a 101.325 kPa) |
Móimint leictreach dhépholach | 1.45 D |
Eantalpacht chaighdeánach an fhoirmithe | −37.26 kJ/mol |
Galbhrú | 3.3 atm (a 20 °C) |
Guais | |
Teorainn inlasta íochtair | 3.6 vol% |
Teorainn inlasta uachtarach | 33 vol% |
Meánteorainn nochta ualaithe ama | 2.56 mg/m³ (8 h, Stáit Aontaithe Mheiriceá) |
Uasteorainn nochta | 12.8 mg/m³ (Stáit Aontaithe Mheiriceá) 0 mg/m³ (luach ar iarraidh) |
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () | |
Eile | |
gás inlasta |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Vinyl Chloride Monomer (VCM) – Chemical Economics Handbook (CEH) – IHS Markit”. www.ihs.com. Dáta rochtana: 5 April 2018.
- ↑ dhs.wisconsin.gov
- ↑ npi.gov.au
Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |