Carcainigin
Aon ábhar, radaíocht nó víreas a chuireann tús le hailse. Meastar go bhfuil an-chuid díobh sceite sa chomhshaol ag daoine le cúpla céad bliain. Mar shamplaí, tá fo-iarsmaí dóite guail is ola, caitheamh tobac, agus fiú ceimiceáin shaorga a chuirtear le bianna, atá ciontach a bheag nó a mhór i dtosú ailsí. Is féidir leis na radaíochtaí inianaíocha go léir — gáma-radaíocht, X-radaíocht, radaíocht ultraivialait — tús a chur le hailsí freisin ach duine nó ainmhí dáileog mór go leor a fháil. Ciallaíonn dáileog, a bheag nó a mhór, iolrú na déine leis an bhfad ama a lonraíonn an radaíocht an ball den cholainn. Tagann radaíocht ultraivialait chugainn ón nGrian, agus tugann an ciseal ózóin oiread cosanta dúinn uaithi. Ní thosaíonn an ailse díreach i ndiaidh na dáileoige ach bíonn moill eatarthu i gcónaí, suas leis na blianta.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |