Clann Taidhg
Tríocha céad na meánaoise suite i gContae na Gaillimhe ba ea Clann Taidhg (Meán-Ghaeilge Clann Taidg), ainmnithe as an dream a Loingsigh ann sa 10ú haois.
Bhíodh ann roinnt tuath, Corca Mhogha and Uí Dhiarmada san áireamh. I dtaca le paróistí an lae inniu, bhíos ann Baile Átha an Rí, Muine Mheá, Tigh Dachoinne, Cill Choirín, Maigh Locha, Cill Fhir Iarainn, Baile na Cille-Aghairt (i gCill Liatháin), Cill Mhaoláin agus b'fhéidir possibly Mainistir Chnoc Muaidhe.
Is amhlaidh gur bunaíodh an tuath, Clann Taidhg, le linn méadaithe ag Uí Bhriúin, go háirithe i rith réimeas Taidhg mhic Cathail (925-956). Muireadhach mac Taidhg ba ea sinsear Uí Thaidhg an Teaghlaigh de Shíol Mhuireadhaigh, taifeadta sna hannála ón mbliain 1048 ar aghaidh.[1] Roimhe seo, cuid d'Uí Bhriúin Seola a bhíodh an ceantar. Faoi dheireadh na 12ú haoise ámh, deirtear gur gabhadh an ceantar ag Donn Cathaig Mór Mac Airechtaig de Shíol Mhuireadhaigh.
Marascail ó oidhreacht ba ea fir Chlann Taidhg dá ngaoil, ríthe na gConnacht, agus dá bharr a leasainm, an Teaghlaigh. Meastar freisin gur dhíbrigh Clann Taidhg ríthe Uí Mhainnin as Soghain as an gceantar thart ar Áth an Rí, c. 1135-52.[2]
Faoin mbliain 1241, bhí an-chuid den cheantar faoi smacht Meyler de Bermingham, a lonnaigh i nÁth an Rí príomhionad a thiarnais.
Féach freisin
cuir in eagarFoinsí
cuir in eagar- Adrian Martyn, The Tribes of Galway: 1124-1642, Gaillimh, 2016, ISBN 978-0-9955025-0-5
- Paul MacCotter, Medieval Ireland: Territorial, Political and Economic Divisions, Baile Átha Cliath, Four Courts Press, 2008, ll. 134–135. ISBN 978-1-84682-098-4