Clare sa Spéir
Is scannán é Clare sa Spéir. Tá sé ar an gcuraclam Ardteistiméireachta. Aisteoirí sa scannán is ea Bríd Ní Neachtain (Clare, an príomhcharachtar) agus Seán McGinley (Eoin, a fear céile).
Tréith | |
---|---|
Tír bhunaidh | Éire ![]() |
Dáta na chéad feidhmíochta | 2001 ![]() |
Bunteanga an tsaothair | an Ghaeilge ![]() |
![]() ![]() |
Foireann cuir in eagar
- Scríbhneoir/Stiúrthóir: Audrey O’Reilly
- Léiritheoir: Donna Eperon
- Eagarthóir: Gráinne Gavigan
- Foireann Aisteorí: Sean McGinley, Bríd Ní Neachtáin, Medbh Ní Mhaonaigh, Niall Ó Maonaigh, Darren Ó Maonaigh
- Comhlacht Léiriúcháin: Zanzibar Productions
Plota cuir in eagar
Bhí Clare bréan dá saol. Bhí a clann i gcónaí ag argóint le chéile agus í ag déanamh a seacht ndícheall rudaí a chur i gceart. Níor tugadh aon aitheantas dá cuid iarrachtaí. Maidin amháin, chuala sí gur sháraigh fear amháin an churiarracht dhomhanda. B'insporáid é seo di. Shocraigh sí dul suas i dteachín crainn do 32 lá chun curiarracht dhomhanda fanacht sa chrann a shárú. Ar dtús, bhí Eoin an-mhíshásta léi ach tar éis tamaill d'fhoghlaim Eoin go raibh sí ag lorg buíochas dá cuid iarrachtaí. Thug sé cabhair di agus chaith sé am léi sa teachín crainn.
Chuaigh sí amach den teachín crainn tar éis 32 lá. Níor sháraigh sí an churiarracht dhomhanda mar bhí 32 bliain i gceist. Mar sin féin, bhí gach duine go sona sásta ag an deireadh.