Clare sa Spéir

gearrscannán Gaeilge
(Athsheolta ó Clare sa Speir)

Is gearrscannán é Clare sa Spéir. Tá sé ar an gcuraclam Ardteistiméireachta. Ar na haisteoirí sa scannán tá Bríd Ní Neachtain (Clare, an príomhcharachtar) agus Seán McGinley (Eoin, a fear céile).

Bosca Sonraí ScannáinClare sa Spéir
Mionsonraí
Tír bhunaidhÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú2001 Cuir in eagar ar Wikidata
Bunteangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: tt0321710 Letterboxd: clare-in-the-sky TMDB.org: 396736 Cuir in eagar ar Wikidata
  • Scríbhneoir/Stiúrthóir: Audrey O’Reilly
  • Léiritheoir: Donna Eperon
  • Eagarthóir: Gráinne Gavigan
  • Foireann Aisteorí: Sean McGinley, Bríd Ní Neachtain, Medbh Ní Mhaonaigh, Niall Ó Maonaigh, Darren Ó Maonaigh
  • Comhlacht Léiriúcháin: Zanzibar Productions

Bhí Clare bréan dá saol. Bhíodh a clann i gcónaí ag argóint le chéile agus í ag déanamh a seacht ndícheall rudaí a chur i gceart. Níor tugadh aon aitheantas dá cuid iarrachtaí. Maidin amháin, chuala sí gur sháraigh fear amháin an churiarracht dhomhanda. B'inspioráid é seo di. Shocraigh sí dul suas i dteachín crainn ar feadh 32 lá chun curiarracht dhomhanda fanacht sa chrann a shárú. Ar dtús, bhí Eoin an-mhíshásta léi ach tar éis tamaill d'fhoghlaim Eoin go raibh sí ag lorg buíochas dá cuid iarrachtaí. Thug sé cabhair di agus chaith sé am léi sa teachín crainn.

Chuaigh sí amach den teachín crainn tar éis 32 lá. Níor sháraigh sí an churiarracht dhomhanda mar bhí 32 bliain i gceist. Mar sin féin, bhí gach duine go sona sásta ag an deireadh.