Cluain BanbhCuir in Eagar

 
Séipéal Cluain Banbh

Cluain Banbh, go hoifigiúil Cloonbonniff (Béarla: Cloonbonniffe).[1] Is baile beag agus baile fearainn é atá i gcontae Ros Comáin in Éirinn. Is é an Caisleáin Riabhach an baile ceart is gaire dó atá thart ar naoi gciliméadar amach uaidh.

Tá Cluain Banbh mar cuid de na ‘Cloontias’. Is ceantracha iad sa réigiún atá in aice a chéile agus go dtosaíonn le ‘Cluain’ nó ‘Cloon’ i mBéarla. I measc na ceantracha sin tá Cluain Suca, Cluain Fobhair agus Cluain Eilte. Tá na ceantracha áirithe sin páirteach do pharóiste Cluain Banbh.

Tá scoil náisiúnta agus ionad phobail i gCluain Banbh atá in aice leis an séipéail Caitliceach. Tá páirc spóirt in san cheantar ar aon le ionad aclaíochta nua-aimseartha atá taobh amuigh.[2]

Scoil NáisiúntaCuir in Eagar

 
Scoil Náisiúnta Cluain Ban Dubh

Tá scoil náisiúnta amháin i gCluain Banbh. ‘Scoil Náisiúnta Cluain Ban Dubh’ an t-ainm atá air. I mí na Nollag 2020 bhí 23 dalta cláraithe in san scoil. Tá an foirgneamh lonnaithe san áit céanna ó gur bunaíodh an scoil le roinnt nua-aoisiú déanta ar an fhoirgnimh. Baintear úsáid as an scoil le haghaidh ionad phobail ar aon le scoil náisiúnta. Tá beirt múinteoir fostaithe in san scoil ar aon le múinteoir d’oideachais speisialta. Tá éiteas láidir Caitliceach ag an scoil, ach is féidir le daoine neamh-Chaitliceacha freastail air chomh maith. Tá an scoil faoi patrúnacht ag an Easpag atá in Ail Finn.[3]

Stair na scoileCuir in Eagar

 
Scoil Náisiúnta

Bunaíodh an scoil sa bhliain 1875 ag an Sagart P. Keane. Bhí Ó Conchubhair Don mar patrún don scoil a bhíodh ina tiarna talún sa cheantar ag an am. Is uaidh siúd a tháinig an chéad ainm ‘An Scoil Náisiúnta Ó Conchubhair Duinn’ don scoil. Bhíodh sé ina Teachta Parlaiminte[4] ag an am agus deirtear go raibh sé mar shliocht d’ardrí deireanach na hÉireann “Ruaidri Ua Conchobair”. Tá meath dochreidte ollmhór tagtha ar líon na ndaltaí atá ag freastal ar an scoil náisiúnta seo. Bhí 120 buachaillí agus 132 cailíní cláraithe nuair a d’oscail an scoil ar an gcéad lá do mhí Eanáir 1875. Titim ollmhór go dtí 23 daltaí i 2020. Rinneadh athchóirithe ar an scoil sa bhliain 1969 agus rinneadar é a nua-aoisiú. I 2004 críochnaigh an obair forleathnú don fhoirgnimh agus ansin i 2010 bhí seomra foirne nua tógtha ag cur críoch leis an obair ar fad a bhí de dhíth ag an scoil.[5]

ClogásCuir in Eagar

 
Clogás a thógtar i gCluain Banbh ar shon an Captaen John Vaughan

Tá clogás sa bhaile a bhfuil tógtha taobh leis an séipéal. Thógtar é ar shon Captaen John Vaughan. Fear ó gCluain Banbh ab ea é a throid i gCogadh Saoirse na hÉireann agus go bhfuair bás le linn an cogadh sin.[6] Rugadh John ar an gcúige lá dhéag de mhí Meán Fómhair 1893. D’fhreastal sé ar an scoil náisiúnta i gCluain Banbh. Ghlac sé ballraíocht in Óglaigh na hÉireann sa bhliain 1918. Cuireadh é ina Chaptaen don ‘Cloonbonniffe Volunteer Company’. Maraíodh é ag na Dúchrónaigh ar an dara lá is fiche de mhí na Meithimh 1921. Blianta ina dhiaidh a bháis sheol a dheartháireacha, Patrick agus Richard, airgid abhaile ó Mheiriceá ionas go mbeadh an clogás tógtha ar a shon. Tógadh an clogás sa bhlian 1947.[7]

TíreolaíochtCuir in Eagar

Bhí an oighearaois deireanach lárnach i bhfoirmiú an tírdhreach go bhfeiceann muid i gCluain Banbh sa lá atá inniu ann. Bhí oighearshruthanna a thrasnaigh na tír ag fhosaigh ithir agus carraigeacha ag cruthú cnoic bheaga agus droimnín. Tar éis gur leá an oighear bhí córais draenála fágtha ina dhiadh agus go bhfuil fós le feiceáil sa lá atá inniu ann. Bhí an talamh idir na droimnín ag luí go híseal agus fliuch agus cruthaigh sé sin talamh riascach. Le himeacht ama d’fhorbair an talamh riascach sin isteach go dtí na bportach go bhfeiceann muid i ngach áit i gCluain Banbh. Tá na portach sin mar chuid d’éiceachórais ar leith. Tá siad déanta suas de 90% uisce a thacaíonn le réimse leathan do flóra agus fána dúchasach.[8]

Ritheann abhainn an tSuca tríd an cheantar. Tá sé mar fo-abhainn don tSionainn.

Na PortachCuir in Eagar

Gach bhliain thagraíonn feirmeoirí áitiúla móin ó na bportach. Bhíodh an móin i gcónaí mar bhreosla lárnach do mhuintir na háite. Bhíodar in ann é a úsáid mar bhreosla nó é a dhíoladh ag na margaí éagsúla.

Córais IomparCuir in Eagar

Níl córais iompar poiblí forbartha in san réigiún mar gheall ar iargúltacht agus easpa éileamh. An t-aon bhealach chun Cluain Banbh a shroicheadh ná tríd do mhodh iompar féin. Tá córais traenach a ritheann tríd an Caisleáin Riabhach an córais iompar phoiblí is gaire go bhfaighidh tú do Chluain Banbh.

Nuacht litirCuir in Eagar

 
Cloonbonniffe Review

Foilsítear irisleabhar ag am Nollaig gach uile bhliain do mhuintir na háite. An ‘Cloonbonnife Review’ an t-ainm atá air. Thosaigh an nós seo sa bhliain 1986. Sa bhliain 2020 beidh an nuacht litir seo ar an tríocha ceathrú eagráin. Is taifead staire luachmhar iad na hirise seo mar gheall go scríoftar faoi céard atá ag tarlúint in san cheantar áitiúla do Chluain Banbh. Cruthaítear nasc ag an irisleabhar seo don lucht a bhfuil tar éis dul ar imirce ón áit ach go bhfuil fós fréamhacha acu i gCluain Banbh. Sular tháinig na meáin shóisialta amach bhí an irisleabhar seo mar ‘litir ón mbaile’ le haghaidh na himircigh sin. Gach bhliain feictear siar agus déantar frithchaith ar imeachtaí na mbliana ag baint úsáid as grianghraf agus scéalta. Taispeántar an bhliain do shaol an phobail iargúlta le linn an irisleabhar. Is í Kathleen Wall príomh eagarthóir na hirise.

DaonraCuir in Eagar

Dar leis an daonáireamh a rinneadh i 2016 tá breis agus 300 daoine ina chónaí i gCluain Banbh.

Reilig na bPáistíCuir in Eagar

 
Dealbh agus Leacht Cuimhneacháin

Tá sean reilig le haghaidh páistí lonnaithe in san cheantar. Bhíodh páistí agus leanbh go bhfuair bás agus iad óg cuartha in san reilig seo. Ní úsáidtear an reilig a thuilleadh níos mó. Ní raibh sé mar reilig coisriceadh toisc nach raibh formhór na páistí baiste ag an Eaglais Caitliceach. An sean chreidiúint a bhíodh ann fadó ná ní rachaidh siad go dtí neamh mar gheall nach raibh siad baiste.[9] Tá dealbh agus leacht cuimhneacháin anois tógtha taobh leis an séipéal ar shon na páistí sin.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Cluain Banbh/ Cloonbonniffe. Logainm na hÉireann.
  2. https://www.outfit.ie/installations/cloonbonniffe-co-roscommon (2020) (Rochtaithe: 06/12/20)
  3. Cloonbonniffe National School (2020) Welcome/Failtiú. Ar fáil ag: CNS
  4. O’Hart, J. (1892) Irish Pedigrees. Ar fáil ag: LibraryIreland
  5. Cloonbonniffe National School (2020) Cloonbonniffe – Cluain Ban Dubh. Available at: CNS
  6. Defence Forces (2020) Brigade Activity Reports. Ar fáil ag: Military Archives
  7. O’Rourke, D. (1996) The Don National School 1875-1996. Boyle: Herald Printers.
  8. Wall, K. (2011) Clonnbonniffe. Ar fáil ag: Clonnbonniffe
  9. Doran, K. (2016) Homily of Bishop Kevin [mass]. Cloonbonniffe Church. Ar fáil ag: Diocese of Elphin