Cnocán Doirinne
Is ceantar i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath é Cnocán Doirinne[1] (Béarla: Dollymount). Ceantar cois farraige atá ann atá suite ó thuaidh ó Chuan Bhaile Átha Cliath. Tá Cnocán Doirinne mar chuid de Chluain Tarbh agus seasann sé beagán siar ó Pháirc Naomh Áine.
Cnocán Doirinne | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 127033 |
Tá séipeal de chuid na hEaglaise Caitlicí (San Gaibriéil) suite íntire, agus Teach Manresa, lárionad do chúrsaí spioradálta de chuid na nÍosánach ar Bhóthar Chluain Tarbh.
Trá Chnocán Doirinne
cuir in eagarDéanann an Droichead Adhmaid[2] nasc idir Chluain Tarbh agus Oileán an Bhulla. Stráice de trá ghainimh agus dumhcha ar bhruach thoir an oileáin, cúig chiliméadar ar fad. Luaitear Trá Chnocán Doirinne in Ulysses, sárshaothar an Bhaile Átha Cliathaigh James Joyce[3].
Tá Trá Chnocán Doirinne suite ar oileán an Bhulla Thuaidh, rud ar gob gainimh íseal é atá clúdaithe le dumhcha. Tá sé beagnach 4.85 km ar fad agus 070 km ar Leithead ag an bpointe is leithne. Tá sí comhthreomhar leis an gcósta idir Cluain Tarbh agus Chill Fhionntáin sa leath tuaisceartach de Bhá Bhaile Átha Cliath. Taobh theas de sin, tá. Balla an Bhulla mar theorainn oileán an Bhulla Thuaidh agus tá Góilín Chill Fhionntáin mar theorainn idir é agus Binn Éadair ó thuaidh. Tá srath iomairí duimhche mar shlat droma an oileáin. Ar thaobh na farraige, tá siad seo faoi theorainn Thrá Chnochán Doirinne, agus faoi theorainn hIasc goirt agus murlaigh ar thaobh na fothana. Láithreán de chuid RAMSAR (An Coinbhinsiún idirnáisiúnta maidir le Bogaigh) Limistéar Taitneamhachta Speisialta, 1994 agus Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta atá ann.
Is gob gainimh cósta é Oileán an Bhulla, agus é suite i mbá Bhaile Átha Cliath. Is é ceann de na córais dumhcha gainimh is fearr in Éirinn agus tá tábhacht idirnáisiúnta leis ó thaobh a luach caomhantais de. Tá samplaí ardchaighdeáin de roinnt gnáthóga cósta atá annamh agus faoi bhagairt ar an oileán. Tá an-chuid bithéagsúlachta ann, amhail roinnt gnáthóg agus speiceas atá liostaithe in Aguisíní I agus II de Threoir an AE maidir le Gnáthoga, agus bíonn an Láithreán á úsáid chomh maith ag líon mór lapairí agus éin fhiáine gheimhridh atá tábhachtach go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Anuas air sin, tá roinnt plandaí annamha ann chomh maith atá liostaithe ar an Ordú um Flora (Cosaint) (I.R. Uimh. 94 de 1999) agus sa Leabhar Dearg Sonraí (Curtis & McGough 1988).
Gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl ann
cuir in eagarAr na gníomhaíochtaí rialta a bhíonn á ndéanamh ag daoine ar an láithreán, tá siúl, eitilt eitleog agus spórt uisce. Bíonn roinnt foirne peile ag traenáil ag Oileán an Bhulla Thuaidh. Tá roinnt clubanna luamhaireachta nó spórt uisce suite ar fud an láithreáin, na gasóga mara san áireamh. Is minic go n-úsáideann lucht siúlta madraí na conairí sna dumhcha agus ar fud na trá. Tá fás tagtha ar an ráchairt atá ar ghníomhaíochtaí gaoth-thiomáinte, amhail surfáil eitleoige, le blianta beaga anuas. Bíonn an láithreán á úsáid chomh maith ag an nGrúpa Éireannach maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna agus le haghaidh oiliúint sábháilteachta uisce chomh maith.
Meallann luach mór caomhantais an láithreáin daoine a bhfuil mhór acu sa dúlra chuige, agus tugann Club Allamuigh Nádúraithe Bhaile Átha Cliath cuairteanna náduir air. Is gníomhaíocht choitianta í tochailt baoite le fada an lá, agus tá sliogéisc bailithe ag daoine aonair agus grúpaí beaga le déanaí, amhail diúilicíní (Mytilus edulis) ó Bhalla an Bhulla Thuaidh. Bíonn an trá agus balla an Bhulla Thuaidh á n-úsáid le haghaidh slatiascaireachta.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |