Coimhlint na Súdáine, 2023


Bhris coimhlint amach idir dhá ghrúpa sa tSúdáin i mí Aibreáin 2023, idir 'Fórsaí Armtha na Súdáine', mar dhea, agus na 'Fórsaí Mear-Thacaíochta'.[1] Ach ní raibh ann ach iarracht ag na ginearáil ar chumhacht a ghabháil chuige féin.[2] Rialtas míleata a bhí i gcumhacht sa tSúdáin agus imreas agus iomaíocht idir cheannaire agus leascheannaire na tíre ba shiocair leis an gcoimhlint.[3]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCoimhlint na Súdáine, 2023
Íomhá
Cineáliarracht coup d'état
cogadh cathartha
coinbhleacht Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid de2019 Sudanese transition to democracy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse15 Aibreán 2023 - 
Dáta na bliana2023 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhCartúm, An tSúdáin Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran tSúdáin Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Líon básanna413 (22 Aibreán 2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe3,000 (19 Aibreán 2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide
Le cuid
15 Aib. 2023 ː ghlac an RSF seilbh ar an -aerfort i gCartúm ː

Imeachtaí[4] cuir in eagar

Comhairle Ginearál a bhí i gceannas ar an tír ó bhí coup d'état ann in 2021. Ach sa bhliain 2023, bhris aighneas amach eatarthu faoi cá bhfuil a dtriall.

Ar taobh amháin, bhí 'Arm na Súdáine' agus ar an taobh eile, grúpa paraimíleata darb ainm Na Fórsaí Mearthacaíochta, nó an RSF, Bunaíodh an RSF in 2013 agus d’eascair sé as an mílíste Janjaweed ar cuireadh cinedhíothú ina leith in Darfur. Bhí sáruithe ar chearta daonna curtha i leith sa chuid eile den tír chomh maith.[2]

Abdel Fattah al-Burhan. 2-19
Mohamed Hamdan Dagalo, 2022, i mbun an RSF

I dtús 2023, bhí 100,000 duine san RSF, a bhí ag iarraidh ceannas a bhaint amach sa tír. Ach bhí easaontas idir an RSF agus an t-arm, faoi aistriú na cumhachta go dtí rialtas sibhialtach agus go háirithe faoi ar cheart áit san arm a thabhairt don RSF.[2] Bhí bunáite an airm dílis do Ghinearál Abdel Fattah al-Burhan, agus bhí Mohamed Hamdan Dagalo i mbun an RSF.[3]

Géarchéim dhaonnúil cuir in eagar

Bhí géarchéim dhaonnúil ann roimh an gcoimhlint. Chuaigh cúrsaí in olcas, de dheasca an aighnis. D'éirigh sábháilteacht agus slándáil mhuintir na Súdáine i mbaol faoi cheann cúpla lá, chomh maith le haontacht agus cobhsaíocht na tíre.[1]

Cuireadh tús leis an marú ar an 15 Aibreán 2003 nuair a cuireadh baill den RSF ar dualgas ar fud na tíre. Maraíodh na céadta i mí Aibreáin, inar rinneadh ionsaithe sliogán ar Chartúm,[5] príomhchathair na tíre.[2]

Bhí sos comhraic 72 uair an chloig curtha i bhfeidhm ar 25 Aibreán ag an dá dhrong mhíleata a bhí in adharca a chéile.[6]

Éire cuir in eagar

Gortaíodh an taidhleoir Éireannach, Aidan O'Hara, Ambasadóir an Aontais Eorpaigh, nuair a ionsaíodh é ina áras cónaithe sa phríomhchathair Cartúm ar 17.18 Aib 2023.[3]

Chláraigh 150 saoránach de chuid na hÉireann sa phríomhchathair Cartúm, ar thóir cabhrach. Bhí 50 saoránach Éireannach aslonnaithe ón tSúdáin ar 23/24 Aibreán.[7]

Polaitíocht cuir in eagar

Le briseadh amach na cogaíochta, baineadh an bonn de na hiarrachtaí chun an t-aistriú i dtreo rialtas daonlathach faoi stiúir sibhialtach a athbhunú. Bhí baol ann freisin maidir le díchobhsú réigiúnach.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar