Comharthaí bóthair in Éirinn

Tá difríochtaí áirithe ann idir na comharthaí bóthair atá in úsáid in Éirinn agus na comharthaí bóthair atá in úsáid san Eoraip. Is é ceann de na difríochtaí ná na comharthaí rabhaidh, a bhfuil cruth diamaint buí orthu, cosúil leis na Stáit Aontaithe, Ceanada, an Astráil agus an Nua-Shéalainn. Tá na comharthaí rialála an-chosúil leis an Eoraip áfach.

Comharthaí méar eolais i Ráth Iomgháin, Cill Dara, ceann acu le seanuimhir bhóthair agus faid i míle.

Tá na treochomharthaí eolais bunaithe ar na cinn atá in úsáid sa Ríocht Aontaithe, agus an-chosúil leo. Bíonn comharthaí bóthair in Éirinn dátheangach i gcónaí ach amháin sa Ghaeltacht, áit nach n-úsáidtear ach an Ghaeilge de ghnáth.

Tá comharthaí bóthair in Éirinn leagtha amach sa Lámhleabhar um Chomharthaí Tráchta (Traffic Signs Manual, nó TSM), arna fhoilsiú ag an Roinn Iompair. Foilsíodh an t-eagrán níos déanaí sa bhliain 2019 agus uasdátaíodh cúpla caibidil sa bhliain 2021 agus 2024.[1] Tháinig an t-eagar seo i ndiaidh dhá eagrán níos luaithe - Traffic Signs Manual 2010[2] agus Traffic Signs Manual 1996.[3] Tá an lámhleabhar bunaithe den chuid is mó ar an Traffic Signs Manual na Ríochta Aontaithe.[4]

Seanchomhartha Géill Slí i gCúil Dabhcha, Inis Eoghain.

Ar thaobh an dlí, tá comharthaí bóthair leagtha amach faoi na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Síneacha) 1997-2004. Is iad na rialacháin 1997 an príomhshraith.[5]

Úsáid na Gaeilge

cuir in eagar

In ainneoin gurb í an Ghaeilge an teanga náisiúnta agus an phríomhtheanga oifigiúil de réir an Bhunreachta, agus cé go dtugtar cúram ar leith le cinntiú go bhfuil an Ghaeilge go príomha chun cinn ar chomharthaí áirithe in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, fágann na rialacháin chéanna comharthaí bóthair na hÉireann go sonrach as an áireamh. D'fhág sin go bhfuil an Ghaeilge níos lú, níos dofheicthe, níos doléite agus i gcló Iodálach ar na gcomharthaí bóthair in Éirinn. Ar an drochuair, tugann sé seo le tuiscint bhréagach go bhfuil stádas níos ísle ag an bpríomhtheanga oifigiúil de chuid an Stáit ná ag an mBéarla.

Thug Conradh na Gaeilge faoi staidéar neamhspleách ar chomharthaí bóthair dátheangacha a choimisiúnú chun an scéal a fhiosrú blianta beaga ó shin. D'fhoilsigh Garrett Reil ón gColáiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha Comharthaí bóthair dátheangacha na hÉireann - Tuairisc agus Moltaí i mí Dheireadh Fómhair 2008. Tá stocaireacht á déanamh ag Conradh na Gaeilge ar an gceist ó shin. Bhí cruinniú faoi chomharthaí bóthair dátheangacha ag toscaireacht ón eagraíocht le Leo Varadkar TD, an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt ag an am, in 2013. Mar thoradh ar an gcruinniú seo, bhí Varadkar sásta moltaí an Chonartha i dtaca le comharthaí bóthair nua - ina mbeadh an Ghaeilge chomh mór agus chomh soiléir céanna leis an mBéarla - i bhfeidhm ar bhonn trialach. Bheadh an togra seo neodrach ó thaobh costais de, .i. ní bheadh aon chostas breise ag baint leis na comharthaí seo ós rud é nach mbeadh na comharthaí nua á gcrochadh go dtí go mbeadh cinn nua ag teastáil pé scéal é. Chuir Paschal Donohoe TD, an té a tháinig i gcomharbacht ar Varadkar san aireacht iompair, an togra sin ar ceal áfach.

Is minic ceist na gcomharthaí bóthair dátheangacha a bheith á cíoradh ag na meáin.[6][7]

Tá loitiméireacht ar an nGaeilge ar chomharthaí bóthair sa Ghaeltacht ó am go ham.[8] Sa bhliain 2017, rinneadh loitiméireacht ar an Ghaeilge ar timpeall 25 comhartha i ndeisceart an Dúin.[9]

Sa bhliain 2015, rinne rialtas cinneadh go gcrochfaí comharthaí bóthair nua - a chuirfeadh an Ghaeilge agus an Béarla ar comhchéim - a chur ar ceal.[10] Ach sa bhliain 2020, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta gur cheart go mbeadh an Ghaeilge agus an Béarla ar comhchéim ar chomharthaí bóthair.[11]

Treochomharthaí eolais

cuir in eagar
 
Réamhchomhartha Treo de Chineál Léarscáile ar bhóthar réigiúnach.

Cló-aghaidh

cuir in eagar

Úsáidtear na cló-aghaidheanna Transport Heavy agus Motorway ar chomharthaí bóthair na hÉireann. Le haghaidh téacs Gaeilge, úsáidtear leagan fiar ar leith de Transport, ina bhfuil na litreacha claonta 15 céim. Úsáidtear cineáil ar leith de na litreacha a, A, M agus N sa chló seo.

Bíonn an téacs Gaeilge curtha os cionn an téacs Béarla comhfhreagrach agus bíonn sé sa chás íochtair i gcónaí. Bíonn an téacs Béarla sa chás uachtair.

Bíonn téacs bán ar chúlra gorm ag comharthaí mótarbhealaigh, téacs bán ar chúlra glas ag bóithre náisiúnta (agus uimhreacha bhóthair i dtéacs buí) agus téacs dubh ar chúlra bán ag bóithre réigiúnacha agus áitiúla. Bíonn téacs bán ar chúlra donn ar chomharthaí a taispeánann láithreacha inspéise (seirbhísí, institiúidí, taitneamhachtaí turasóireachta).

Cineálacha comharthaí ar fáil

cuir in eagar

De réir Chaibidil 2 den TSM, tá sé catagóirí ann:

  1. Réamhchomharthaí Treo de Chineál Cruachta
  2. Léirítear cinn scríbe roimh chrosbhealaí, mar shampla T-achomhail agus crosbhóthair céimnithe, agus tá na cinn scríbe curtha ar painéil ar leith.
  3. Réamhchomharthaí Treo de Chineál Léarscáile
  4. Léirítear cinn scríbe roimh acomhail ilairde agus timpealláin air, agus léirítear leagan amach an acomhail air mar picteagram. Uaireanta úsáidtear iad seo ag crosbhealaí i gcásanna eisceachtúla.
  5. Treochomharthaí
  6. Bíonn iad seo suite ag an chrosbhealach é féin. Bíonn bior triantánach ar thaobh amháin agus rachtán in aice leis. D'fhéadfaí cruth méar eolais air freisin, go háirithe ar bhóithre tuaithe.
  7. Comharthaí Lasnairde ar Dhroichead Iompair agus Comharthaí ar Dhroichead Iompair ag Tús Lána Luasmhoilliú
  8. Léirítear cinn scríbe air roimh ré ar chomharthaí curtha ar dhroichid iompair.
  9. Comharthaí Deimhnithe Bealaigh, Comharthaí Marcóir Bealaigh agus Comharthaí Treo Bealaigh
  10. Tugann iad seo deimhniú agus eolais do thiománaithe faoi cinn scríbe agus an bealach amach rompu.
  11. Treochomharthaí eolais eile, ar nós Comharthaí maidir leis an Chéad Slí Amach Eile (a thugann liosta de na cinn scríbe le glacadh ag an chéad slí amach eile) and Comharthaí Ceann Scríbe Lána.

Beartas maidir le cinn scríbe a léiriú

cuir in eagar

Léiríonn treochomarthaí cinn scríbe móra nó cinn scríbe ag deireadh an bhealaigh de ghnáth. Ní léirítear bailte beaga agus logainmneacha ach ar chomharthaí níos gaire don láthair sin. Ní thaispeántar ach an logainm Gaeilge má tá an comhartha sa Ghaeltacht, nó má tá an t-ainm oifigiúil i mBéarla díreach, nó beagnach, mar a chéile leis an ainm Gaeilge (mar shampla Dún LaoghairePort Laoise). Mar gheall ar an nós chun an dá theanga a léiriú, bíonn líon teoranta ceann scríbe á léiriú. Más féidir ceann scríbe a bhain amach ar bhealach eile ar aghaidh, léirítear an ceann scríbe seo agus an uimhir bhóthair idir lúibíní. Chomh mhaith leis sin léirítear faid i gciliméadar.

Comharthaí le eolas eile

cuir in eagar

Roinneann Caibidil 4 comharthaí le eolas eile sna catagóirí seo a leanas:

  • Comharthaí a léiríonn eolas cathartha nó tíreolaíoch
  • Comharthaí a léiríonn saoráidí ar aghaidh ar spéis le daoine a úsáideann an bhóthar iad
  • Comharthaí a léiríonn bearta moillithe tráchta
  • Comharthaí a léiríonn leaganacha amach bóithre áirithe
  • Comharthaí a léiríonn bealaí eile nó bealaí atreoraithe
  • Comharthaí Ionaid Seirbhísí
  • Comharthaí Bóthair Dola
  • Comharthaí Eolais Tolláin
  • Comharthaí Éagsúla
  • Comharthaí Ní is Díol Spéise do Thurasóirí
  • Comharthaí Rotharbhealaí
  • Comharthaí rialála

    cuir in eagar

    Dé ghnáth bíonn cruth ciorclach ag comharthaí rialála agus bíonn siad dubh ar chúlra bán le himeall dearg. Má léiríonn comhartha cosc, beidh trasnán dearg ann. Tugadh an cineál seo de chomhartha bóthair isteach leis na Rialacháin um Chomharthaí Tráchta, 1956.

    Taispeánann comharthaí luasteorainneacha "km/h" ag bun an chomhartha chomh mhaith leis an luasteorainn.

    Comharthaí rabhaidh

    cuir in eagar

    Úsáideann comharthaí rabhaidh an dearadh MUTCD [en] (Manual on Uniform Traffic Control Devices), sé sin le rá go bhfuil siad dubh ar chúlra ómra, agus go bhfuil cruth diamaint acu. Tugadh an cineál seo de chomhartha bóthair isteach leis na Rialacháin um Chomharthaí Tráchta, 1956.[12]

    Comharthaí oibreacha bóthair

    cuir in eagar

    Tá dath oráiste ag comharthaí oibreacha bóthair. Tá cruth diamaint ag Comharthaí Lánaí Dúnta le haghaidh bóithre Leibhéal 1 (Bóithre Uirbeach agus Íseal-Luais) agus bóithre Leibhéal 2 (Bóithre Charrbhealaigh Aonair Tuaithe), agus tá cruth cearnóige acu le haghaidh bóithre Leibhéal 3 (Débhealaí agus Mótarbhealaí).

    Plátaí breise

    cuir in eagar

    Úsáidtear plátaí breise chomh mhaith le comharthaí rialála, rabhaidh agus oibreacha bóthair. Is é an cuspóir atá leo ná eolas breise a thugann leis an comhartha faoina gcuirtear iad (seachas comhartha P 056, atá curtha leis féin).

    Féach freisin

    cuir in eagar
    1. Má tá an comhartha ag an taobh eile den charrbhealach, bíonn na barraí trasnánacha sa treo contrártha.
    2. 2.0 2.1 Tá an téacs don chomhartha seo inathraithe. Tá leaganacha ceadaithe tugtha sa TSM.
    3. Ag deireadh an tsrianta, úsáidtear "Críoch/END" in ionad "Ceantar/ZONE".
    1. "Traffic Signs Manual". trafficsigns.ie. An Roinn Iompair.
    2. "Traffic Signs Manual 2010".
    3. "Previous Traffic Signs Manuals". An Roinn Iompair.
    4. "Traffic Signs Manual". Rialtas na RA. Department for Transport.
    5. "I.R. Uimh. 181/1997 — Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Síneacha), 1997".
    6. Anton Mac Cába (Eanáir 2019). "Dhá ghearán faoi chomharthaí bóthair dátheangacha faighte ag Rialtas na hAlban" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-17.
    7. site:.tuairisc.ie. ""Comharthaí bóthair" - Cuardach Google". www.google.fr. Dáta rochtana: 2022-05-17.
    8. "Loitiméireacht déanta ar an nGaeilge ar chomharthaí bóthair sa Ghaeltacht" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-17.
    9. Méabh Ní Thuathaláin (2018). "An Ghaeilge ‘dóite’ ag lucht loitiméireachta ar roinnt comharthaí bóthair i dTír Eoghain" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-17.
    10. Maitiú Ó Coimín (2015). "Bille nua seolta ag Tóibín le haghaidh comharthaí bóthair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-17.
    11. "Airí na Gaeltachta ag tacú le héileamh ar chomhstádas don Ghaeilge ar chomharthaí bóthair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-17.
    12. "I.R. Uimh. 284/1956 — Na Rialacháin um Chomharthaí Tráchta, 1956".

    Naisc sheachtracha

    cuir in eagar
    • Tá cóip den cló-aghaidh Transport ar fáil anseo, saor in aisce.