Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, 2025
Reáchtálfar idir 10 Samhain - 21 Samhain 2024 i mBelém na Brasaíle, COP30 (Comhdháil na bPáirtithe 29) nó Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, 2025.[1][2]
Cineál | United Nations Climate Change conference (en) |
---|---|
Dáta na bliana | 2025 |
Uimhir eagrán | 30 |
← 2024
| |
Suíomh | Belém, An Bhrasaíl |
Tír | an Bhrasaíl |
Cúlra
cuir in eagarBhí sé aontaithe ag ceannairí domhanda ag COP21 i bPáras, go ndéanfar iarracht gan téamh domhanda a ligeann os cionn 1.5 céim Celsius níos teo faoi dheireadh na chéid. Ach sáraíodh an teorainn sin sa bhliain 2024.
Eagraíocht
cuir in eagarTíortha a shínigh Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide atá páirteach sa chruinniú mullaigh dá ngairmtear COP30, faoi choimirce na Náisiún Aontaithe.
Roghnaíodh Belém sa bhliain 2023. Táirgeann an Bhrasaíl ola ach is cuid den ‘Domhan Theas’ í, a thuigeann deacrachtaí na dtíortha bochta sa chath i gcoinne thionchar athrú na haeráide. Buaileadh an Bhrasaíl í féin go dona sa bhliain 2024 ag imeachtaí éagsúla adhaimsire arbh é an t-athrú aeráide ba chúis leo agus gan dabht tá an chuid is mó d’fhoraois na hAmasóine, scamhóga an domhain, laistigh de theorainneacha na tíre – breis is a dóthain cúiseanna ag an mBrasaíl chun iarracht a dhéanamh go leor a bhaint amach.[3]
Féach freisin
cuir in eagar- Aimsir na bliana 2025
- Cóir aeráide
- COP21 (Comhaontú Aeráide Pháras 2015), COP26, COP27, COP28, COP29
- Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Ciallaíonn COP ‘Comhdháil na bPáirtithe’ agus is ionann na ‘páirtithe’ agus an 197 náisiún a d’aontaigh Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide i 1992.
- ↑ "COP29 Azerbaijan - United Nations Climate Change Conference". cop29.az. Dáta rochtana: 2024-11-20.
- ↑ Alex Hijmans (27 Samhain 2024). "Caithfear a bheith dóchasach go ndéanfar an dul chun cinn in Belém nach ndearnadh in Baku" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-27.