Comhtholgadh
Is éard atá i gceist le comhtholgadh ná staid inchúlaithe neamhaireachtála a fhéadfaidh tarlú díreach i ndiaidh buille trom don cheann, ach a leanann níos faide ná an tráma féin.
Aitheantóirí | |
---|---|
MeSH | D001924 |
Acmhainní seachtracha | |
EB Online | science/concussion |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Nuair a thagann duine chuige féin bíonn a chuimhne ar an taisme lagaithe, agus ar ar tharla roimhe sin freisin b'fhéidir (aimnéise aisiompaithe). Ní bhíonn damáiste garbh déanta don inchinn, ach anois is arís damáiste inchúlaithe do néaróin.
Comharthaí
cuir in eagarIs féidir go bhfuil comhtholgadh ar dhuine má bhíonn ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na leideanna sofheicthe seo a leanas ann:[1]
- Cailliúint comhfheasa nó neamhfhreagúlacht
- An duine ina luí ar an talamh gan bogadh / go mall ag éirí
- Neamhshocair ar na cosa / fadhbanna le cothromaíocht nó ag titim / neamh-chomhordú
- Greim láimhe á bhreith ar an chloigeann
- Stánadh folamh nó dreach marbh a bheith ar an duine
- Mearbhall a bheith ar an duine / gan iad a bheith eolach ar chúrsaí imeartha.[1]
Spórt
cuir in eagarTá sé tábhachtach, d’imreoirí agus d’oiliúnóirí, comharthaí agus rioscaí an chomtholgtha a bheith ar eolas ag gach éinne agus lán chomh tábhachtach daoine óga a bhfuil comharthaí an chomhtholgtha orthu a bhaint den láthair imeartha go dtí go mbeidh biseach orthu.[1] Nuair a bhuailtear duine de na himreoirí nó má thaispeánann siad comharthaí an chomhtholgtha bainim den chluiche iad láithreach bonn.[3]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 ccea.org.uk. "Comhtholgadh". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-19. Dáta rochtana: 2022.
- ↑ "Video Text Alternative: Traumatic Brain Injury (TBI) in Kids" (en). https://www.nichd.nih.gov/. Dáta rochtana: 2022-10-19.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Comhtholgadh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 167.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |