Is eagraíocht neamhbhrabúis é Comunn na Gàidhlig a bunaíodh in 1984. An phríomhaidhm atá aige ná Gaeilge na hAlban a chur chun cinn.

Bosca Sonraí EagraíochtaComunn na Gàidhlig
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1984
Bunaitheoir(í)Oifig na hAlban Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáincnag.org Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Bhunaigh Oifig na hAlban Comunn na Gàidhlig in 1984 chun forbairtí nua i bpolasaí na Gàidhlig a chomhordú. Tá stádas carthanachta aige. Tá oifigí aige i Steòrnabhagh, in Inbhir Nis, i nGlaschú, agus foireann bhreise lonnaithe in Uibhist, san Eilean Sgitheanach, in Íle, i nDún Éideann agus i Loch Abar. Is é Dòmhnall MacNèill a cathaoirleach.

Níor cheart Comunn na Gàidhlig a mheascadh leis an gComunn Gàidhealach, cumann a bhfuil sainchúram cultúrtha níos leithne aige, nó Bòrd na Gàidhlig, eagraíocht neamhspleách stáit.

Tagairtí cuir in eagar