Is dúil cheimiceach sintéiseach é an copairniciam. Is í an uimhir adamhach atá aige ná 112, agus is é an giorrúchán a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Cn. Níl ach iseatóip éagobhsaí radaighníomhacha ag an gcopairniciam, agus meath radaighníomhach ag teacht orthu chomh tiubh is nach féidir mórán a fháil amach i dtaobh shaintréithe ceimiceacha na dúile seo. Ní dúil nádúrtha é an copairniciam, agus mar sin ní féidir meáchan adamhach a áireamh dó: ina áit sin tugtar líon na núicléón ag an iseatóp is cobhsaí, mar atá, 285. Tá an t-iseatóp sin féin thar a bheith éagobhsaí, nó is í an leathré atá aige ná 28 soicind.

Coparnaiciam
Siombail Cheimiceach Cn
Uimhir Adamhach 112
Meáchan Adamhach [285]
Grúpa, Peiriad grúpa 12
Dlús 14.0 g/cm3
Sraith Cheimiceach 6d
Cn-TableImage.svg

Gineadh an chéad adamh copairniciam in Institut für Schwerionenforschung nó an Institiúid um Thaighde ar na hIain Troma in Darmstadt sa Ghearmáin sa bhliain 1996. Ba iad Sigurd Hofmann agus Victor Ninov a bhí i gceannas ar an bhfoireann taighde a bhí i gceist. Sa bhliain 2009 a thug Cumann Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC) orthu ainm ceart a cheapadh don dúil nua, agus is é an t-ainm a roghnaigh siad ná copairniciam le hurraim a thabhairt do Nioclás Copernicus (Mikołaj Kopernik), an réalteolaí ceannródaíoch ón bPolainn.