Is cineál filíochta i gceithre rann í an copla a fhaightear i mórán d'amhráin dhúchasacha na Spáinnise agus i litríocht na teanga. Tá seánra ceoil den ainm céanna ann, a sheinntear ar fud Mheiriceá Laidineach. Tá an focal bunaithe ar 'copula' na Laidine (nasc nó aontas. Bíonn ceithre rann sna Coplas de ghnáth, ceithre líne an ceann iontu i meadaracht rómánsach (8- 8a 8- 8a), seguidilla (7- 5a 7- 5a nó redondilla (8a 8b 8b 8a).

Bhain go leor de mhórscríbhneoirí na Spáinnise úsáid as an bhfoirm choitianta seo, ina measc Íñigo López de Mendoza, Marqués de Santillana, Rafael Alberti, Luis de Góngora, Antonio Machado, agus Federico García Lorca.

Teanga dhíreach laethúil a bhíonn sa copla, cé go mbíonn débhríochas grinn nó gáirsiúil ann uaireanta.