Coróinvíreas 2 de ghéarshiondróm trom riospráide

Is éard is coróinvíreas 2 de ghéarshiondróm trom riospráide ann ná an tréithchineál virís (SARS-CoV-2) gur cúis leis an ngalar tógálach, COVID-19 (Coróinvíreas), ionfhabhtú sa chonair riospráide. De ghnáth, tugtar an coróinvíreas nó an víreas corónach air, agus tagraíodh dó roimhe seo faoina ainm sealadach 2019 coróinvíreas nua (2019-nCoV). Is víreas ARN aon-shnáithe treodearfach é SARS-CoV-2. Tá sé tógálach i ndaoine, agus d’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) an phaindéim leanúnach COVID-19, ina Éigeandáil Sláinte Poiblí a bhfuil ina ábhar imní idirnáisiúnta.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarSARS-CoV-2
cuir in eagar
CineálOrthocoronavirinae Cuir in eagar ar Wikidata
EapainmSevere acute respiratory syndrome-related coronavirus Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
ÉifeachtRáig coróinvíris 2019–2020 agus Covid-19 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
MeSHD000086402 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC5203676 Cuir in eagar ar Wikidata

Go tacsanomaíoch, is éard atá is SARS-CoV-2 ná tréithchineál de ghéarshiondróm trom riospráide bainteach le coróinvíreas (SARSr-CoV). Creidtear go bhfuil bunús zónóiseach aige agus go bhfuil dlúthchosúlacht ghéiniteach aige le choróinvíris na n-ialtóg, rud a thugann le tuiscint gur tháinig sé as víreas ialtóg-iompartha. Aon fhianaise ann fós chun taisce idirmheánach ainmhithe, mar shampla pangailin, chun é a nascadh le hionfhabhtú daoine. Is beag éagsúlacht ghéiniteach atá sa víreas, rud a thugann le fios gur dóigh gur tharla an teagmhas iarmhartach a thug SARS-CoV-2 do dhaoine go déanach sa bhliain i 2019.

Measann staidéir eipidéimeolaíocha go mbíonn 1.4 go 3.9 níos mó daoine ionfhabhtaithe dá bharr nuair nach bhfuil aon bhall den phobal imdhíonach agus nach ndéantar son bearta coisctheacha. Scaiptear an víreas go príomha idir dhaoine trí dhlúth-theagmháil agus trí bhraoiníní riospráide (ionfhabhtú braoiníneach) a tháirgtear ó chasacht nó shraothartach. Téann sé isteach i gcealla daonna den chuid is mó trí cheangal leis an ghabhdóir einsím thiontaithe angaitheannaine 2 (ETA2).[1]

Téarmaíocht cuir in eagar

Víreolaíocht cuir in eagar

Ionfhabhtú cuir in eagar

Taiscumar cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Géarshiondróm trom riospráide (SARS)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 311.