Corca Mrua

tuath i gContae an Chláir
(Athsheolta ó Corco Mruad)

Tuath Gaelach i gContae an Chláir ab ea Corco Mrua.[1]. Tá barúntacht ann darb ainm céanna sa lá atá inniu ann.

Barúntachtaí Contae an Chláir of Clare, le Corca Mrua taobh ó thuaidh.

Ríthe Chorca Mrua

cuir in eagar

Féach Annála Inis Faithlinn le tuilleadh tagairtí:

  • Torpaid, bás 769.
  • Flaithbertach mac Dub Ruip, bás 873.
  • Cet mac Flaithbertach, 907-919
  • Aniudán mac Mael Gorm, bás 936.
  • Conchobar mac Mael Sechnaill, fl. 993, bás 1003.
  • Cathal mac Conchobur, bás 1015
  • Lochlainn, bás 1015.
  • Conchobar mac Mael Sechnaill, bás 1027.
  • Congalach Ua Lochlainn, bás 1045.
  • Anad Ua Lochlainn, maraithe 1060.
  • Conchobar Ua Chonchobuir, bás 1104

Annála Inis Faithlinn

cuir in eagar

Faightear an Chorca Mrua i nAnnála Inis Faithlinn mar a leanas (neamh iomlán):

# Sean-Ghaeilge NuaGhaeilge
907.2 Cett mc. Flaithbertaich do gabail rige Corcu Mruad. Ceat mac Flaithbheartaigh, do ghabh ríoga Chorca Mrua.
919.1 Mors Ceitt mc. Flaithbertaich, rí Corcu Mruad. Mors (bás) Cheit mhic Flaithbheartaigh, rí Chorca Mrua.
936.2 Mors Ánrudain meicc Maíl Guirm, rig Corcu Mruad. Mors Ánrudhán mhic Mhaoil Ghoirm, rí Chorca Mrua.
983.2 Coblach mór la Brian mc. Cennetich h-i crich Connacht co rubad anaill dia Sluag and, .i. Mael Sechnaill mc. Coscraig & Find mc. Dubchróin, & Lochlaind mc. Maíl Sechnaill, rigdomna Corcu Mruad. Dochotar a Suatrich iar tír in h-Ú Briuin coro lad ár mór ettarru & h-Ui Briuin. Cabhlach mór le Brian mac Cinnéide i gcríocha Connachta agus maraíodh cuid dá shlua was slain ann, .i. Maol Seachnaill mac of Coscraigh agus Fionn mac Dubhchróin agus Lochlainn mac Maoil Sheachnaill, rídhamhna[2] Chorca Mrua. Chuaigh a suaitrigh[3] ar tír in Uí Bhriúin, agus ár mór eatarthu agus Uí Bhriúin.
993 Ár mór for Connachta ré ríg Corcu Mruad, .i. re Conchobur mc. Maíl Sechnaill, co torchair[4] and Ruaidri macc Coscraich, rí h-Ua m-Briuin, & alii multi Ár mór ar Chonnachta le rí Chorca Mrua, .i. le Conchúr mac Maoil Sheachnaill, agus gur thit ann Ruaidrí mac Coscraigh, rí Uí Briúin, agus alii multi
996.7 Ár Corcu Mruad i Connachtaib i torchair Muirgius mc. Ruadri. Ár Chorca Mrua i gConnachta, inar thit Muirgius mac Ruairí
1003.3 Guin Conchobuir m. Maíl Sechnaill, ríg Corcu Mruad ... Goin Conchúir mhic Mhaoil Sheachnaill, rí Chorca Modruad, ...
1015.4 Cathal mc. Conchobuir & Lochlaind a brathair do marbad tre f(ell )gail a n-dis assa rig(e), cách díb i n-degaid alaile i r-rígu Corcu Mdruad Maraíodh go fealltach Cathal mac Conchúir agus Lochlainn a bhráthair, an dís as a ríogacht, cách díobh i ndiaidh a chéile i ríogacht Chorca Mrua
1016.6 Ár n-Arne diaro marbad h-Ua Lochlaind, rígdamna Corcu Mruad, h-i Purt Chiarain i n-Áraind, .i. Conmacne rod marb. Ár Árann, inar maraíodh Ua Lochlainn, rídhamhna Chorca Mrua, i bPort Chiaráin i nÁrainn, .i. Conmaicne do mharú.
1017.4 Mors Donnchada mc. Duib da Bairend do marbad do Mael Muad. Mors Donnchadha mac Duibh dá Baireann. Maol Muadh do mharú.
1023.5 h-Ua Duib da Bairend do dallad Ua Duibh dá Baireann do dhallú
1027.5 Bás Conchobuir m. Maíl Sechnaill, rí Corcu Mruad. Bás Conchúir mhic Mhaoil Sheachnaill, rí Chorca Mrua
1094.3 Sil Murethaig do chor áir móir for Corco Mbruad & for iarthur Connacht, ocus h-Ua Flaithfertaig & h-Ua Conchobair meic Maíl Sechnaill do élúd ass. Chuir Síol Muireadaigh ár mór ar an Chorca Mrua agus ar iarthair Connacht, d'éalaigh Ua Flaithbheartaigh agus ó Conchúir, mhic Mhaoil Sheachnaill as.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. J. MacKillop, A Dictionary of Celtic Mythology. 2004
  2. rídhamhna, oidhre ríoga, ar teanglann.ie
  3. suaitreach, saighdiúir, ar
  4. torchair, tit, ar teanglann.ie