An Chorsaic

críoch de chuid na Fraince sa Mheánmhuir
(Athsheolta ó Corsica)

Is í an Chorsaic (Corsaicis: Corsica, Fraincis: Corse) an ceathrú hoileán is mó sa Mheánmhuir (i ndiaidh na Sicile, an tSairdín agus na Cipire). Tá sí suite amuigh ó chósta thoir na hIodáile agus thoir theas ón Fhrainc, agus taobh ó thuaidh d'oileán na Sardíne.[1]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Chorsaic
Corsica (co) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach
Bratach

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 42°09′00″N 9°05′00″E / 42.15°N 9.0833°E / 42.15; 9.0833
Stát ceannasachan Fhrainc
Eintiteas críochach riaracháin de chuid na FrainceAn Fhrainc mheitreapholaiteach Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairAjaccio Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán347,597 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús40.05 hab./km²
Teanga oifigiúilan Chorsaicis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid dezone de défense et de sécurité Sud (fr) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla8,680 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Mheánmhuir Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMonte Cinto (en) Aistrigh (2,706 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú11 Eanáir 1970
ÉarlamhDivota Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinExecutive Council of Corsica (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachComhthionól na Corsaice Cuir in eagar ar Wikidata
• Ceannaire an rialtaisGilles Simeoni (en) Aistrigh (2015–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2FR-20R, FR-H agus FR-COR Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSFR83 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód réigiúin INSEE94 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinisula.corsica Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: IsulaCorsica Twitter: IsulaCorsica Instagram: isulacorsica LinkedIn: IsulaCorsica Youtube: UC8QgLSBjnfUtOzZXH3nntBA Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí 339,000 duine ina gcónaí ar an oileán sa bhliain 2019.[2] Is iad Ajaccio agus Bastia an dá chathair is mó san oileán.

Rugadh Napoleon Bonaparte ann sa bhliain 1769, i bpríomhchathair an oileáin, Ajaccio. An teach ina raibh a mhuintir ina chónaí san am, is é sin Maison Bonaparte, is músaem é inniu.

Droichead ar an D84 (abhainn Erco)

Is í an Fhraincis is mó a labhraítear san oileán inniu, ach tá a dteanga féin ag muintir na Corsaice, an Chorsaicis, cé nach bhfuil sí ó dhúchas ach ag céatadán beag ag bunadh an oileáin inniu.

Is iad na canúintí úd Gallurese agus Sassarese i dTuaisceart na Sairdíne na teangacha is mó gaol leis an gCorsaicis, agus deir cuid de na teangeolaithe go bhfuil siad - an teanga Gallurese ach go háirithe - níos cóngaraí don Chorsaicis ná don tSairdínis.

Tá cosúlachtaí go leor idir cás na Gaeilge in Éirinn agus cás na Corsaicise sa gCorsaic.[3]

Riaracháin

cuir in eagar

Áirítear an Chorsaic ar réigiún de chuid na Fraince, cé gurb é an stádas atá ag an oileán sa dlí ná collectivité territoriale, is é sin, "tiomsaitheacht chríche". Ciallaíonn sin mar shampla go bhfuil "dáil" nó "parlaimint" na Corsaice, an Assamblea di Corsica, níos cumhachtaí ná mar a bhíonn na tionóil réigiúnacha sa Fhrainc de ghnáth. Náisiúnaithe den uile chineál is ea formhór na bhfeisirí i dTionól na Corsaice. Tá stádas theanga na Corsaicise ar cheann de na ceisteanna móra atá ag déanamh imní dóibh, chomh maith le talamh a bheith á cheannach ar an mórchóir ag eachtrannaigh.[4] Thug Stát na Fraince cluas bhodhar nó alabhodhar riamh dóibh, áfach, i dtaca leis an dá cheist seo. Chuaigh roinnt náisiúnaithe i muinín an fhornirt ag amanna éagsúla ó na 1950í, tráth a fuair go leor tíortha eile neamhspleáchas ón bhFrainc, ach cur chuige éadairbheach a bhí riamh ann.

suite amuigh ó chósta thoir na hIodáile agus thoir theas ón Fhrainc

Sna blianta 1975-2018 bhí an t-oileán roinnte ina dhá chúige, mar atá, Haute-Corse ("Uachtar na Corsaice") agus Corse-du-Sud ("Corsaic Theas"), agus ba í Bastia príomhchathair Haute-Corse.

Tháinig deireadh leis an deighilt seo sa bhliain 2018, áfach, agus is aon aonad riaracháin amháin é an t-oileán arís.

Sa bhliain 2023 i dTionól na Corsaice in Aiaccu, bhí sé molta ag Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron "saghas éigin neamhspleáchais" a lamháil don Chorsaic, ach gur chuid den Fhrainc a bheadh sa Chorsaic i gcónaí faoin "saghas éigin neamhspleáchais" a bhí i gceist aige. D'iarr an tUachtarán Macron ar pholaiteoirí sa Chorsaic agus i Rialtas na Fraince dlí nua a dhréachtú i gcomhar le chéile le dúil stádas bunreachtúil na Corsaice a leasú.[4]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Diarmuid Johnson. "Corsica – Oileán faoi Rún" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-08-23.
  2. "Living in Corsica: Things to Do and See in Corsica, France | Christie's International Real Estate" (en). www.christiesrealestate.com. Dáta rochtana: 2023-10-05.
  3. Maitiú Ó Coimín. "‘Namhaid na Poblachta an fhéiniúlacht teanga’ Stádas oifigiúil diúltaithe don Chorsaicis ag Macron" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2020-08-23.
  4. 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2023-09-28). ""Saghas éigin neamhspleáchais" don Chorsaic á mholadh ag Macron" (as ga-IE).