Is éard is crann fíliginiteach (nó crann éabhlóideach) ann, ná léaráid bhrainseach nó "crann" a léiríonn an caidreamh éabhlóideach i measc speicis bhitheolaíocha éagsúla nó aonán eile bunaithe ar dhifríochtaí ina dtréithe fisiceacha nó géiniteacha. Is cuid de chrann fíliginiteach amháin í an bheatha ar fad ar domhan, rud a léiríonn an tsinsearacht choiteann.

Crann fíliginiteach

Tuigtear fíligineacht ar an mbealach céanna le crann ginealais. Is é fréamh an chrainn ná an crann sinsearach agus is iad barr na gcraobhacha sliochtaigh an tsinsir sin. De réir mar a bhogann tú ón bhfréamh go barr na mbrainsí, tá tú ag bogadh ar aghaidh in am.

Nuair a scoilteann ginealach (speiceasú), léirítear é mar ghabhal fíliginiteach. Nuair a tharlaíonn eachtra speiceasaithe, eascraíonn dhá ghlúin iníne nó níos mó as ginealach aonair sinsearach.

Rianaíonn fíligineachtaí patrúin de shinsearacht chomhroinnte idir ginealaigh. Tá cuid dá stair ag gach ginealach nach bhfuil le fáil ach ann féin agus tá codanna eile ann atá comhroinnte le ginealaigh eile.

Ar an dóigh chéanna, tá sinsearaigh ag gach ginealach nach bhfuil le fáil ach sa ghinealach sin agus agus tá sinsearaigh eile ann atá comhroinnte le ginealaigh eile.

Go dtí 60 go 70 bliain ó shin, níor aithin eolaithe ach dhá ríocht; Plandaí agus Ainmhithe. É sin ráite, de réir mar a d'fhorbair an tacsanomaíocht, aithníodh samhail ina raibh cúig ríocht, an tsamhail a nglactar leis go ginearálta i measc fhormhór na n-eolaithe.

De na cúig ríocht go léir, is orgánaigh eocarótacha iad Animalia, Plantae, Protoctista agus Fungais agus is orgánaigh prócarótacha iad Baictéir..

Nais sheachtracha cuir in eagar