Ar Lá Caille 2024, bhuail crith talún cósta thiar na Seapáine, Crith talún Noto, agus fuair cúpla céad duine bás. Sa chathair Ishikawa a bhí eipealár an chreatha talún agus dá bharr scaoileadh comhartha rabhaidh go mb'fhéidir go dtarlódh súnámaí. Rinneadh aslonnú ar na daoine as an gceantar agus chlis ar an gcumhacht in áiteanna. Tar éis na gcreathanna, tharla tine mhór in Wajima.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCrith talún Noto, 2024
Íomhá
Map
 37°29′53″N 137°14′31″E / 37.498°N 137.242°E / 37.498; 137.242
CineálCrith talún Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deNoto earthquake swarm (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana1 Eanáir 2024 (16:10:22. Am Caighdeánach na Seapáine)
1 Eanáir 2024 (16:10:09. Am Caighdeánach na Seapáine) Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhLeithinis Noto, An tSeapáin Cuir in eagar ar Wikidata, Maoracht Ishikawa, An tSeapáin Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran tSeapáin Cuir in eagar ar Wikidata
Méadaíocht crith talún (Scála Móimint)7.5 Cuir in eagar ar Wikidata
Scála déine MercalliMercalli scale IX (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Doimhneacht ingearach10 km
16 km Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna241 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe1,299 Cuir in eagar ar Wikidata
misean cuardaigh agus tarrthála

Toisc go raibh an crith talún 7.5 ar an scála déine sheismeach, cuireadh comhartha rabhaidh faoi shúnámaí amach chomh fada le hOirthear na Rúise. Ach an lá dár gcionn bhaineadar é mar níor dhein an crith talún na tonnta chomh hard is a ceapadh i dtosach.

In aerphort Haneda Tóiceo, bhuail A350 de chuid Japan Airlines (Aerlíne na Seapáine) agus eitleán de chuid na ngardaí cósta i gcoinne a chéile. Bhí na gardaí cósta ag tabhairt earraí go dtí an ceantar a bhí buailte ag an crith talún. Tháinig 379 duine slán as eitleán Aerlíne na Seapáine a chuaigh trí thine ar an rúidbhealach; bhí an t-ádh dearg orthu éalú ach fuair cúigear bás ar eitleán na ngardaí costa.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Conradh na Gaeilge, Londain (2024-01-06). "‎Nuacht Mhall" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-01-09.