Crois an Bharraigh

ionad daonra i gContae Chorcaí

Is sráidbhaile suite i gContae Chorcaí í Crois an Bharraigh.[1] Tá sé ar an R589 Bothár Réigiúnach i bParóiste Chnoic an Bhile-Inis Eonáin faoi sé cilímeader déag thiar ó Chathair Chorcaí agus deich gcilímeader ó oirthear Dhroichid na Bandan.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCrois an Bharraigh

Suíomh
Map
 51°48′07″N 8°38′41″W / 51.80208°N 8.64472°W / 51.80208; -8.64472
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie129497

Sruthann an Abhainn Buí tríd an mbaile agus leanann sé go Carraig Uí Leighin agus téigh isteach na farraige.

Cuimhneachán an Luíocháin i gCrois an Bharraigh

Stair cuir in eagar

Tharla Luíochán Croise an Bharraigh i rith Chogaidh na Saoirse. Ar an 19 Márta 1921 d'ionsaigh baill d'Óglaigh na hÉireann dream saighdiúirí na Breatainne. D'eagraigh Tomás de Barra an t-ionsaí agus mharaigh na hÓglaigh timpeall 40 saighdiúir. Faraor maraíodh idir 3 agus 6 Óglaigh sa chomhrac.

 

Tamaill ó shin, bhí dhá stáisiún traenach sa cheantar: ceann i nGarraí Thancaird agus ceann i gCoill Éadaí. Ag an stáisiún seo bhí nasc idir an bpríomhlíne go Iarthar Chorcaí agus an líne go Cionn tSáile. Rith an t-iarnród go Droichead Bandan agus Iarthar Chorcaí trí Chrois an Bharraigh.

Áiseanna cuir in eagar

Tá dhá scoil in aice leis an mbaile: ceann i gCnoc an Bhile agus ceann i nGarrán an Bháitéaraigh. Chomh maith leis sin tá siopa, naíolanna agus gáráistí mótair sa sráidbhaile.

Sa bhliain 2007 osclaíodh bóthar nua i gCrois an Bharraigh agus anois seachaintear Cuimhneachán Luíocháin Chrois an Bharraigh.

Tagairtí cuir in eagar