Cuairt an Phápa Eoin Pól II ar Éirinn
Thug an Pápa Eoin Pól II cuairt ar Éirinn ón Satharn, 29 Meán Fómhair 1979 go dtí an Luan, 1 Deireadh Fómhair 1979, an chéad turas go hÉirinn ag Pápa.[1] D'fhreastail os cionn 2.5 milliún duine ar na himeachtaí i mBaile Átha Cliath, Droichead Átha, Cluain Mhic Nóis, Gaillimh, Cnoc Mhuire, Luimneach, agus Maigh Nuad.[2]
| ||||
Cineál | papal visit (en) | |||
---|---|---|---|---|
Tréimhse | 29 Meán Fómhair - 1 Deireadh Fómhair 1979 | |||
Suíomh | Éire | |||
Taibheoir | Pápa Eoin Pól II | |||
Féile mhór náisiúnta ab ea é, ceiliúradh spleodrach. "Nuair a tháinig Eoin Pól II ba gheall le rac-réalta é, JFK na hEaglaise, laoch a fuair an ceann is fearr ar an gcumannachas sa Pholainn agus ceannaire na hEaglaise Caitlicí in aon phearsa amháin."[3]
"Young people of Ireland, I love you!" arsa an Pápa i mBaile an Bhriotaigh ar an 30 Meán Fómhair. Bhí grá mór aige do dhaoine óga agus an-mheas aige orthu, a dúirt sé.[4] Fuair sé na gártha molta agus áthais an lá sin ó na mílte ógánach a bhí i láthair.[5][6]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Irish Remember the 1979 Papal Visit". BBC News (2 Aibreáin 2005).
- ↑ "Itinerary For The Pope's Visit". RTÉ Archives.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (Lúnasa 2018). "Idir dhá Phápa" (ga). Comhar. Dáta rochtana: 2020-09-29.
- ↑ "Gradam Eoin Pól 11 bronnta ar dhaltaí Choláiste Oiriall". www.oiriall.ie. Dáta rochtana: 2020-09-29.
- ↑ Máirín Ní Ghadhra (Lúnasa 2018). "Is muidne an ghlúin chéanna a bhí faoi gheall ag an bPápa Eoin Pól II i 1979 ..." (ga). Comhar. Dáta rochtana: 2020-09-29.
- ↑ Físeán ar Youtube (1979). "Pope John Paul II in Galway". Dáta rochtana: 2020.